Ar ais ar scoil le ‘Budget bonanza’ do theaghlaigh

21/08/2024

Caiteachas ar scoileanna: Tá sé beartaithe ag na trí pháirtí sa Rialtas an riail 5% a bhriseadh chun vótaí a bhuachan don olltoghchán atá le teacht

Leathnófar leabhair scoile saor in aisce do dhaltaí Ardteistiméireachta sa Bhuiséad atá le teacht, agus an Rialtas ag iarraidh tacaíocht a fháil ó thuismitheoirí.

Agus na daltaí ag ullmhú le dul ar ais ar scoil, tá an Rialtas ag féachaint freisin ar an gclár béilí te scoile a leathnú amach.

D’fhéadfadh béilí a bheith ar fáil fiú nuair a bhíonn na scoileanna dúnta, mar iarracht cabhrú le teaghlaigh faoi mhíbhuntáiste.

Agus roinnt seachtaine le dul go dtí an Buiséad, 1 Deireadh Fómhair, tá sé beartaithe ag na trí pháirtí Rialtais €8.3billiún breise a mhaoiniú do Bhuiséad 2025.

Jack Chambers1
Aire Airgeadais Jack Chambers

Mar gheall air seo creideann go leor saineolaithe polaitíochta go mbeidh olltoghchán acu roinnt seachtainí i ndiaidh an Bhuiséid.

De réir na rialacha atá ann chun géarchéim eacnamaíoch a sheachaint, níor cheart go n-ardódh rialtas ar bith caiteachas níos mó ná 5% – ach tá sé beartaithe ag an gComhrialtas seo é sin a dhéanamh.

Tá na trí pháirtí – Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas  – ag iarraidh cur ina luí ar an bpobal iad a thoghadh arís.

Leathnófar an scéim chun leabhair scoile saor in aisce a thabhairt amach do scoláirí na hArdteiste agus cosnóidh sé sin €40 milliún, dar leis an Irish Daily Mail.

Tá leabhair scoile saor in aisce i bhfeidhm cheana féin do bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta.

Tá leabhair scoile saor in aisce i bhfeidhm cheana féin do bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta
Tá leabhair scoile saor in aisce i bhfeidhm cheana féin do bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta

Ón mí seo chugainn, beidh daltaí an Teastais Shóisearaigh in ann leabhair scoile saor in aisce a fháil, a chosnóidh €309 an dalta, arb ionann é agus €67 milliún in aghaidh na bliana.

Tá na hAirí ag féachaint freisin ar bhealaí chun béilí teo scoile a sholáthar do leanaí i dteaghlaigh faoi mhíbhuntáiste lasmuigh d’am téarma scoile.

Agus tuigtear go bhfuil an tAire Oideachais Norma Foley ag iarraidh méadú ar mhaoiniú don chlár tógála scoile.

Ag ócáid ​​de chuid Fhine Gael i mBaile Átha Cliath, a dhírigh ar theaghlaigh, dúirt an Taoiseach Simon Harris go mbeidh raon tacaíochtaí costais mhaireachtála sa Bhuiséad.

I mBuiséad na bliana seo caite bhí bearta costais mhaireachtála a chosain €2.2 billiún.

Áiríodh leo trí chreidmheas fuinnimh €150 ar chostas €900 milliún don Státchiste.

 Norma Foley ag iarraidh méadú ar mhaoiniú don chlár tógála scoile
Norma Foley ag iarraidh méadú ar mhaoiniú don chlár tógála scoile

I measc na mbeart a áiríodh anuraidh a d’fhéadfaí a athdhéanamh tá íocaíochtaí don liúntas breosla (€300 anuraidh), deontas míchumais (€400 anuraidh) agus Íocaíocht Teaghlaigh Oibre (€400 anuraidh).

Táthar ag súil freisin go dtabharfaidh an tAire Airgeadais Jack Chambers athruithe ar cháin ioncaim agus ar cháin oidhreachta ar aghaidh.

Agus tuigtear go bhfuil an tAire Tithíochta Darragh O’Brien ag iarraidh méadú ar an gcreidmheas cíosa €750.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram