Dheimhnigh an tSualainn a chéad chás den leagan níos tógálaí de Mpox, ionfhabhtú víreasach (viral infection) a scaipeann trí dhlúth-theagmháil (close contact).
Bhí an duine ionfhabhtaithe agus é san Afraic, áit a raibh ráig (outbreak) mhór den ghalar.
Is e seo an chéad uair a aimsíodh é lasmuigh den Afraic. Féadfaidh an galar ionfhabhtaíoch a bheith marfach (fatal).
D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (World Health Organisation, WHO) Mpox mar éigeandáil dhomhanda poiblí, a d’fhéadfadh scaipeadh go tíortha eile, tar éis ráig (outbreak) i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.
‘Tá cás amháin againn sa tSualainn den chineál Mpox is tromchúisí, an ceann ar a dtugtar Clade I,’ a dúirt Aire Sláinte agus Gnóthaí Sóisialta na Sualainne, Jakob Forssmed.
Tá níos mó leanaí ná daoine fásta gortaithe ag an ngalar. Bhí níos mó ná 70% de chásanna Mpox i measc leanaí faoi 15 bliana d’aois, agus ba leanaí iad 85% de na básanna sa Chongó.
Is galar tógálach(infectious) é Mpox, ar a dtugtaí ‘Monkeypox’ roimhe seo. Is víreas é agus is cúis le hairíonna cosúil le fiabhras (fever), fuacht (chills) agus pianta matán (muscle aches).
Go hiondúil, leanann gríos (rash) na hairíonna seo cosúil le fliú.
Bíonn an gríos mar spotaí ardaithe, ag iompú ina spuaiceanna (blisters) líonta le sreabhán (fluid) agus sa deireadh thiar thall bíonn gearbóga(scabs) ann.
Go ginearálta tá dhá chineál Mpox, ar a dtugtar ‘Clade’, a roinntear i gClade I agus Clade II. Aithníodh Clade I mar Chlade Abhantrach an Chongó (Congo Basin) tráth, agus Clade II mar Chlade Iarthar na hAfraice.
Féadfaidh an dá leagan den ghalar a bheith marfach agus tá ráta báis níos airde go stairiúil ag Clade I.
Mar sin féin, de réir WHO, ba é Clade II go príomha ba chúis le cásanna a aithníodh mar chuid de ráig dhomhanda 2022.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.