Tá dhá cheann dá bhialann aitheanta i lár chathair Bhaile Átha Cliath dúnta ag Dylan McGrath mar gheall ar chostais arda.
Dúirt an cócaire iomráiteach go raibh air an Rustic Stone agus Brasserie Sixty6 a dhúnadh láithreach.
Tar éis do 577 gnó bia a bheith dúnta le déanaí, tá faitíos anois go ndúnfar níos mó bialanna neamhspleácha, agus go gcuirfear a leithéidí Starbucks ina n-áit.
Dúirt McGrath nach bhfuil sé ‘inbhuanaithe’ iad a choinneáil oscailte.
Bhí Rustic Stone oscailte le 15 bliana agus bhí Brasserie Sixty6 oscailte le 25 bliain.
Dúirt McGrath go ndéanfaidh sé féin agus a fhoireann gach ar féidir leo chun cinntiú go n-éireoidh go leanúnach le Fade Street Social.
Dúirt McGrath, ar bronnadh réalta Michelin air: ‘Agus muid ag breathnú ar an fháilteachas (hospitality) sa chathair, tá an t-am tagtha nuair a chinneamar nach bhfuil sé inbhuanaithe.
‘Tá sé deacair an méid a tharla do bhialanna i lár na cathrach, le ceithre bliana anuas, a chur i bhfocail,’ a dúirt McGrath.
‘Bhi Brasserie Sixty6 oscailte ar feadh 25 bliain agus bhí ag Rustic Stone oscailte ar feadh 15 bliain.’
Is am an-dúshlánach é seo do bhialanna neamhspleácha, a dúirt McGrath.
Bhí Brasserie Sixty6 agus Rustic Stone i gcruachás ó shrianta Covid.
Bhí siad sa ‘Small Company Administrative Rescue Process’, a dearadh chun cabhrú le fiontair bheaga a bhí ag tabhairt aghaidh ar dhócmhainneacht shealadach (temporary insolvency).
Ag an am, dúirt McGrath go raibh ar a bhialanna níos mó miasa muiceola (pork dishes) agus éisc a sheirbheáil mar go raibh sé ‘beagnach dodhéanta mairteoil (beef) a choinneáil ar an mbiachlár’, mar gheall ar chostais arda.
Dúirt príomhfheidhmeannach Chumann Bialanna na hÉireann (Restaurants Association of Ireland, RAI) Adrian Cummins go mbeidh gnólachtaí neamhspleácha ag imeacht agus níos mó comhlachtaí idirnáisiúnta ag teacht.
Dúirt sé: ‘Breathnaíonn tú ar chaifé ag dúnadh, an bhean a dhéanann a cácaí féin agus a bhácáil a harán féin, ní bheidh sí in ann dul san iomaíocht.
‘Ansin, mar thoradh air sin, beidh Starbucks nó comhlacht éigin eile ag dul go dtí an suíomh.’
D’éirigh 45 bialann, caifé agus gnó bia eile as trádáil i mí Iúil.
Thug sé sin an líon a dúnadh go 577, ó d’ardaigh VAT ó 9% go 13.5%.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.