Kneecap: Oíche le scannán Kneecap agus Pop-up Gaeltacht sa Cobblestone. Just €5. AR SIÚL DÉARDAOIN, 22, Lúnasa

13/08/2024

Beidh Oíche Kneecap ar siúl i mBaile Átha Cliath leis an scannán sa Light House agus Pop-Up Gaeltacht ina dhiaidh sa Cobblestone

Tá an scannán Kneecap ag dul i bhfeidhm ar lucht féachana ar fud an domhain – agus anois is féidir le daoine i mBaile Átha Cliath cinneadh a dhéanamh dóibh féin faoi, gan ach €5 a íoc.

Tá sé fógartha cheana féin ag Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann (Irish Film & Television Academy, IFTA) go bhfuil an scannán Gaeilge, Kneecap, a bhfuil an-chuid gradaim buaite aige, ina iontráil do Oscars 2025.

‘Cultúr a bhí faoi bhrú le fada an lá, bhí an teanga beagnach imithe i léig; anois tá sé ar an stáitse is mó ar domhan, agus is pribhléid iomlán é.’
‘Cultúr a bhí faoi bhrú le fada an lá, bhí an teanga beagnach imithe i léig; anois tá sé ar an stáitse is mó ar domhan, agus is pribhléid iomlán é’

Agus tá Kneecap, le cabhair ó BÁC Le Gaeilge ag tabhairt ticéid saor go leor duit chun an scannán a fheiceáil sa Light House Cinema sa chathair.

Ansin, leanfar ar aghaidh leis an craic ag Pop-Up Gaeltacht sa Cobblestone.

Tosóidh an oíche ag 6.30in, Déardaoin, 22 Lúnasa.

Insíonn an scannán conas mar a thosaigh an triúr ag rapáil i mBéal Feirste.

Fuair sé duaiseanna cheana féin ag Féile Scannán Sundance sna Stáit Aontaithe agus ag Fleadh Scannán na Gaillimhe.

Is iad baill an ghrúpa ná Mo Chara (Liam Óg Ó hAnnaidh), Móglaí Bap (Naoise Ó Cairealláin), agus DJ Provaí (JJ Ó Dochartaigh).

In éineacht leis an stiúrthóir Rich Peppiatt, chabhraigh Móglaí Bap, Mo Chara, agus DJ Provaí leis an scannán a scríobh.

Tá réaltaí eile ann freisin: Adam Best, Fionnuala Flaherty, Josie Walker, Simone Kirby, Michael Fassbender, agus Jessica Reynolds.

Má tá Kneecap chun a bheith ar an liosta fada le haghaidh Oscar, beidh a fhios againn ar an 17 Nollaig, 2024.

Má tá sé chun a bheith ar an liosta de na cúig scannán deiridh sa chatagóir Scannán Idirnáisiúnta, beidh a fhios againn an 17 Eanáir, an bhliain seo chugainn.

Agus má bhuann sé Oscar beidh muid go léir ag ceiliúradh mar Kellie Harrington ar an 2 Márta.

Suite in iarthar Bhéal Feirste i 2019, insíonn an scéal mar a bhuaileann múinteoir scoile Bhéal Feirste JJ le Naoise agus Liam Óg.

Tosaíonn siad ag rapáil as Gaeilge agus cruthaíonn siad a seánra rap féin, punk as Gaeilge.

Bhí daoine áirithe – agus tá siad fós – scanraithe mar gheall ar caint, polaitíocht agus tuairimí Kneecap ar an tsochaí.

Mar sin féin, tá Kneecap tar éis teacht chun cinn mar ghuth ar son cearta sibhialta agus in aghaidh leatroim (oppression) ó Bhéal Feirste go Gaza.

Agus cuireann a n-úsáid as an nGaeilge í chun cinn le lucht leanúna nua don teanga.

Bhí Mo Chara thar a bheith sásta le cinneadh an IFTA Kneecap a phiocadh.

An scannán Kneecap
An scannán Kneecap

‘That’s sound of yous,’ ar seisean.

Dúirt sé freisin: ‘Is léir gur iontach an rud é go bhfuil tionchar de shaghas éigin ag scannáin Ghaeilge ar dhaoine. Siad sin An Cailín Ciúin agus rudaí eile.

‘Cultúr a bhí faoi bhrú le fada an lá, bhí an teanga beagnach imithe i léig; anois tá sé ar an stáitse is mó ar domhan, agus is pribhléid iomlán é.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram