Ní raibh crios sábhála á chaitheamh ag ceathrú de na tiománaithe a fuair bás ar bhóithre na hÉireann le deich mbliana anuas.
Agus anois tá ardú os cionn 120 ar líon na mbásanna i dtimpistí ar na bóithre don bhliain seo.
Sin 15 níos mó ná an bhliain seo caite nuair a fuair 105 duine bás ar na bóithre faoin am seo.
Eisíodh figiúirí an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Road Safety Authority, RSA) do cheannaire Aontú, Peadar Tóibín, a dúirt gur shábháil crios sábhála a shaol féin.
Dúirt sé: ‘Bhí mé féin i dtimpiste an-tromchúiseach uair amháin agus níl aon amhras orm nach mbeinn anseo murach an crios sábhála a bhí á chaitheamh agam.’
Tharla an bás bóthair is deireanaí Dé Máirt, nuair a fógraíodh go raibh bean ina 20idí marbh ag láthair thimpiste idir trucail, veain agus carr i mBaile an Bharúin, Co. Loch Garman (Barntown, Co. Wexford).
Tá Gardaí ag lorg finnéithe freisin ar thimpiste mharfach aonfheithicle thart ar 8.40pm ar an 30 Iúil ag Dromainn Buí, Lios na Graí, Co. Luimnigh (Drominboy, Lisnagry, Co. Limerick).
Gortaíodh Hannah Frawley, 25, as Cathair Ailí (Caherelly), Co. Luimnigh, go dona agus fuair sí bás Dé Domhnaigh óna gortuithe.
Dúirt an tUasal Tóibín go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mbásanna ar na bóithre ag an am céanna agus atá líon na ngardaí atá déanamh póilíneacht bóithre ag titim.
Tá líon na ngardaí a dhéanann póilíneacht ar na bóithre tite go díreach 620, an figiúr is ísle sna staitisticí atá ar fáil ag dul siar go dtí 2009.
Dúirt an tUasal Tóibín: ‘Is léir go bhfuil ceangal idir iompar tiománaithe agus líon na bpóilíní bóthair nó na seicphointí.
‘Teastaíonn uainn go gcaithfí níos mó airgid ar fheachtais um shábháilteacht ar bhóithre, go mbeidh níos mó gardaí ar phóilíneacht bóithre agus go ndíreofar níos mó freisin ar shaincheist na gcriosanna sábhála i bhfeithiclí feirme.’
Léiríonn na sonraí a d’fhoilsigh an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) nach raibh crios sábhála á chaitheamh ag 170 tiománaí a fuair bás i dtimpistí ó 2014 i leith.
Fuair 1,687 bás san am sin, lena n-áirítear 688 a fuair bás agus iad ag tiomáint.
Ní raibh an RSA in ann a fháil amach an raibh tiománaí ag caitheamh crios sábhála i 21% (150) de na básanna le deich mbliana anuas.
Mar sin féin, tháinig laghdú ar líon na dtiománaithe a fuair bás i dtimpistí, agus nach raibh ag caitheamh crios sábhála, ó 23 in 2019 go dtí seisear anuraidh.
Fuair triúr tiománaí nach raibh ag caitheamh crios sábhála bás i dtimpistí i mbliana.
As na básanna i mbliana, bhí 20 coisí, 46 tiománaí, 26 paisinéir, 16 gluaisrothaí agus seachtar ar rothar, i measc daoine eile.
Suas go dtí an 25 Iúil, bhí criosanna sábhála á gcaitheamh ag 23 de na tiománaithe a fuair bás in imbhuailtí marfacha, ach i gcás 17 mbás ní raibh an RSA in ann a fháil amach an raibh an tiománaí ag caitheamh a chrios.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.