Tá ionsaitheoir a chiceáil fear eile sa cheann, agus an t-íospartach ina luí ar an talamh, tar éis siúl saor ón gcúirt.
Rinne Paddy Philips gáire fiú nuair a tugadh cuid den fhianaise ar a fhoréigean sa chúirt.
Agus chuir an breitheamh síos ar an ionsaí foréigneach i Luimneach mar rud ‘cowardly’ – ach ghearr sé téarma príosúin trí bliana agus chuir sé ar fionraí é ansin.
Shiúil an t-ionsaitheoir Paddy Philips saor ón gcúirt tar éis dó a admháil gur ionsaigh sé Colin Ambrose, rud a rinne díobháil (harm) dó, taobh amuigh den Strand Bar sa Chaisleán Nua Thiar (Newcastle West) ag thart ar 3am ar an 5 Feabhra anuraidh.
Rinne Philips iarracht ar dtús an milleán a chur ar dhaoine eile, nuair a chuir gardaí faoi agallamh é tar éis a ghabhála.
Rinne sé scigireacht (sniggering) freisin le linn a éisteachta pianbhreithe, nuair a dúirt an t-ionchúisitheoir (prosecutor) Lily Buckley leis an gcúirt go dúirt sé le Gardaí gur cheap sé go raibh an t-íospartach ag troid le grúpa cailíní.
Thaispeáin píosaí scannáin CCTV Philips ag bualadh an Uasail Ambrose faoi dhó sa cheann ionas gur thit sé ar an tsráid.
D’imigh an t-ionsaitheoir Philips ansin, ach tháinig sé ar ais agus chiceáil sé a íospartach sa cheann agus é ina luí ar an tsráid.
Dúirt an Breitheamh Dermot Sheehan gur fhulaing an tUasal Ambrose ‘gortuithe suntasacha’ agus nach raibh sé in ann é féin a chosaint.
Dúirt sé go raibh an t-ionsaí ‘thar a bheith meata (cowardly)’.
Cuireadh Ambrose san ospidéal agus rinne sé gearán leis na gardaí an lá dár gcionn, cé nár chuimhin leis cad a tharla dó.
Bhí dhá shúil dhubha air, pian sa cheann agus gearradhar a shrón. Bhí ‘bristeóga (fractures) aghaidh’ aige freisin a dteastaíonn máinliacht (surgery) uathu.
Nuair a gabhadh agus ceistigh na gardaí é rinne an t-ionsaitheoir Philips roinnt éileamh faoin Uasal Ambrose agus dúirt go raibh sé ag iarraidh troid.
Mar sin féin, níor thacaigh an scannán CCTV ó lasmuigh den teach tábhairne leis na héilimh seo.
Tar éis do ghardaí píosa scannáin CCTV den ionsaí a thaispeáint do Philips, d’admhaigh sé gur chiceáil sé an tUasal Ambrose sa cheann tar éis dó a bhuaile faoi dhó.
Bhí 16 chiontú ag an t-ionsaitheoir roimhe seo, lena n-áirítear mí-ord poiblí agus seilbh ar dhrugaí le díol nó le soláthar.
Thug abhcóide an t-ionsaitheoir Philips, Kenneth Kerins, litir leithscéil don chúirt a scríobh Philips chuig an íospartach.
Ag caint faoi Philips, le seoladh ag Sráid Lower Maiden, An Caisleán Nua Thiar, Co. Luimnigh, dúirt an breitheamh nach raibh ‘aon chiontuithe roimhe seo bainteach le foréigean’ aige; gur ghlac na gardaí leis nach fear foréigneach é; go raibh sé dáiríre faoi; go ndearna sé pléadáil chiontach; agus go raibh litir leithscéil scríofa aige.
Laghdaigh sé pianbhreith chúig bliana go trí bliana, a chuir sé ar fionraí go hiomlán ansin agus dúirt sé le Philips cúiteamh de €2,000 a íoc leis an Uasal Ambrose, rud a thug an t-ionsaitheoir leis chun na cúirte.
Níor fhreastail an tUasal Ambrose ar an gcúirt agus ní dhearna sé ráiteas tionchair íospartaigh (victim impact).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.