In ainneoin ‘Votegate’ tá deireadh le plean seiceáil ar TDanna – agus €34,000 sa bhreis acu gach bliain

05/08/2024

Bhí TD amháin ag éileamh an airgid as a bheith sa Dáil cé go raibh post aige sa Bhruiséil

Tá deireadh curtha leis na pleananna chun a chinntiú go mbíonn TDanna ag obair sa Dáil – in ainneoin roinnt conspóidí.

Gealladh na leasuithe tar éis feirge an phobail ag roinnt conspóidí:

• Ceann amháin ba é ‘Votegate’, nuair a taifeadadh roinnt TDanna ag vótáil, cé nach raibh siad i Seomra (Chamber) na Dála ag an am.

• Ceann eile a bhí ann ná iar-TD de chuid Fine Gael, Dara Murphy, a fuair a íocaíochtaí iomlána taistil agus lóistín, de €4,300 in aghaidh na míosa, in ainneoin post lánaimseartha eile a bheith aige sa Bhruiséil.

Níl aon oibleagáid fós ar TDanna clogáil amach (clock out) chun íocaíocht lá iomlán a fháil, cé go gcuirtear san áireamh é i dtreo liúntais suas le €34,000 gach bliain.

De bharr na feirge poiblí gheall an tIar-Aire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath athchóiriú mór ar an gcóras
De bharr na feirge poiblí gheall an tIar-Aire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath athchóiriú mór ar an gcóras

De bharr na feirge poiblí gheall an tIar-Aire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath athchóiriú mór ar an gcóras, le nósanna imeachta níos déine maidir le clogáil isteach agus clogáil amach.

Mar sin féin, is é McGrath Coimisinéir an Aontais Eorpaigh anois agus tá na pleananna tite.

Bhí sé ag smaoineamh ar aipeanna fóin chliste, scanadh irise (iris scanning) nó aitheantas aghaidhe (facial recognition) a úsáid chun a chinntiú go mbeadh TDanna sa Dáil.

D’fhiafraigh McGrath freisin an leor TDanna nó seanadóirí ag fobáil isteach (fobbing in) uair amháin in aghaidh an lae lena chinntiú go raibh siad ‘i ndáiríre i láthair’ i dTeach Laighean.

Mar thoradh ar an gclaonadh poiblí i 2020 agus 2021, choimisiúnaigh an tOireachtas saineolaí seachtrach chun athbhreithniú a dhéanamh ar conas a d’oibrigh an córas.

Roimhe seo dhiúltaigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe aon taifid a scaoileadh faoin athbhreithniú, ag rá go raibh an cheist fós faoi bhreithniú.

Níor tugadh aon athruithe móra isteach do na aTDanna
Níor tugadh aon athruithe móra isteach do na aTDanna

Ach trí bliana ina dhiaidh sin, ba é an t-aon athrú a rinneadh riamh ná ceamaraí a shuiteáil ag láithreacha a mbíonn Teachtaí Dála agus seanadóirí ag clogáil isteach.

I litir i mí na Nollag 2020, dúirt an tUasal McGrath gur gá gach rogha a bheith ar fáil chun creideamh an phobail san Oireachtas a athbhunú.

Níor tugadh aon athruithe móra isteach do na aTDanna, áfach, agus tá sé fós fíor nach gá dóibh ach brú isteach uair amháin in aghaidh an lae agus níl aon seiceálacha breise ann.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram