Léirítear in anailís nua go gcosnófar €52 milliún sa bhliain ar an Stát an teorainn ag a n-íoctar cáin oidhreachta (inheritance tax) a ardú go €400,000.
Mar sin féin, thug Seanadóir Fhine Gael Barry Ward ‘rud maith’ ar an bhfigiúr sin.
Nocht Páipéir Straitéise Cánach na Roinne Airgeadais (Department of Finance’s Tax Strategy Papers) an costas don Státchiste as tairseach (threshold) na cánach oidhreachta a ardú ón leibhéal reatha de €335,000 go €400,000.
Tá sé ráite ag an Taoiseach Simon Harris go ndéanfaí an cheist a scrúdú i mBuiséad mhí Dheireadh Fómhair.
Dúirt sé: ‘Sílim go bhfuil cáin oidhreachta ina pointe le breithniú air sa Bhuiséad mar is léir go mbíonn tionchar aici ar mhac nó iníon, nia nó neacht ag iarraidh bogadh isteach i dteach an teaghlaigh.
‘Agus muid ag iarraidh teacht ar raon leathan de réitigh tithíochta, sílim go gcaithfimid a bheith aireach go bhfuil praghsanna tithe ardaithe agus nach bhfuil cáin oidhreachta.’
Dúirt na Páipéir Straitéise Cánach go bhféadfadh sé a bheith ‘oiriúnach anois’ breithniú a dhéanamh ar conas a d’fhéadfaí an Cháin Fáltas Caipitiúil (Capital Acquisitions Tax, CAT), ar a dtugtar cáin oidhreachta ar shlí eile, a ‘leasú chun an córas a shimpliú’ agus é a dhéanamh ‘níos éifeachtaí ó thaobh an cháiníocóra de’.
Tá ceist na cánach oidhreachta déanta ag Fine Gael mar chuid lárnach dá gcainteanna faoin mBuiséad.
Mar sin féin, d’áitigh daoine sinsearacha a bhfuil eolas acu ar phróiseas an bhuiséid go mbeadh aon athruithe sa réimse seo measartha beag.
Tá an Rialtas tiomanta an chuid is mó dá phacáiste cánach €1.2 billiún a chaitheamh ar athruithe ar na bandaí cánach ioncaim agus rátaí an Muirear Sóisialta Uilíoch, MSU (Universal Social Charge, USC), ar dócha go gcosnóidh siad níos mó ná €1 billiún.
Dúirt an tUasal Ward go raibh an figiúr €52 milliún ‘i bhfad níos lú ná mar a cheap sé a bheadh ann’.
Dúirt sé: ‘Is fiú é. Ciallaíonn an cháin oidhreachta go mbíonn ar go leor daoine áras an teaghlaigh a dhíol agus is mór an náire é sin.’
Dúirt an seanadóir freisin gur cáin ‘an-éagórach’ a bhí ann do dhaoine i mBaile Átha Cliath go háirithe, i bhfianaise phraghas na tithíochta sa phríomhchathair.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.