

Tá an chéad bhonn ag Éirinn sna Cluichí Oilimpeacha 2024, tar éis don snámhóir ó Shligigh Mona McSharry cré-umha (bronze) a bhaint amach sa snámh brollaigh (breaststroke) 100 méadar i bPáras.
Is é seo an chéad bhonn snámha Oilimpeach ag Éirinn ó bhuaigh Michelle Smith go leor bonn i 1996.
Ar feadh tamaill sa rás oíche Dé Luain, bhí Mona sa dara háit, le Tatjana Smith ón Afraic Theas agus Qianting Tang ón tSín (China) ag brú ar aghaidh.

Tús mall ón mbloc a bhí ann ach tar éis an chasaidh 50m bhí Mona sa dara háit.
Dhún an t-iomaitheoir Síneach, Tang, an bhearna chun airgead a thógáil (1.05.54) agus chun McSharry (1.05.59) a chur sa tríú háit.
Bonn cré-umha a bhí ann do McSharry ó Chlub Snámha na Gráinsí (Grange) i gContae Shligigh – agus críoch iontach do réalta snámha na hÉireann.
Bhain Tatjana Smith an t-ór (gold) amach sa deireadh le ham buaite de 1.05.28.
Bhí Mona san iomaíocht ina dara cluiche ceannais Oilimpeach.

Agus bhí an bua aici ar Benedetta Pilato, na hIodáile (Italy) agus curiarracht dhomhanda (world record holder), agus curadh (champion) 2016, Lilly King na Stát Aontaithe, araon faoi 0.01 soicind in am de 1:05.59.
Ina dhiaidh sin dúirt Mona: ‘Bhí mé in ann an cailín Síneach a fheiceáil in aice liom agus bhí a fhios agam go raibh sí chun tosaigh orm agus dúirt mé, “Caithfidh mé iarracht a dhéanamh í a ghabháil”.
‘Mar, má tá sí chun tosaigh, níl a fhios agam cad atá ar siúl, ar an taobh eile – ní féidir liom é sin a fheiceáil.
‘Bhí an chéad chaoga agam go dona – líon na gloiní cosanta (goggles) le huisce beagán beag.
‘Ní rás foirfe a bhí ann mar sin ach léiríonn sé go bhfuil tú ann go dtí an deireadh, agus níl le déanamh agat ach leanúint ar aghaidh.
‘Bhí mé ag rá “Nílim ag éirí as! Tá mé ag dul ar aghaidh, tá mé ag dul ar aghaidh”, agus sílim go raibh sé 0.01 idir mé féin agus an chéad snámhóirí eile.

‘Tá sé sin craiceáilte, ach sin é atá i gceist leis an rásaíocht – “close finishing”!’
Bhí sé ráite ag McSharry, i 2022, gur smaoinigh sí ar an spórt a fhágáil ina iomláine ach tháinig sí ar ais ar bhealach iontach trí bhoinn a bhaint amach ag na Cluichí Oilimpeacha dhá bhliain ina dhiaidh sin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.