Corcaigh abú! Seo a bhfuil ar siúl acu chun an ceann is fearr a fháil san iománaíocht, a deir Canning

11/07/2024

Míníonn laoch iomána na Gaillimhe Joe Canning an chlisteacht a chabhraigh le Corcaigh an bua a fháil ar shárfhoireann iomána Luimnigh

Tá míniú tugtha ag Joe Canning ar cad a thiomáin Corcaigh go cluiche ceannais na hÉireann – tar éis dóibh an bua a fháil in aghaidh Luimnigh, rud a chuir stop leo cúig cinn as a chéile a fháil.

Bhuaigh na Corcaigh, le Pat Ryan mar bhainisteoir, i gcoinne fhoireann Luimnigh, 1-28 go 0-29, i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Domhnaigh i gcomórtas corraitheach (thrilling).

Shane Barrett agus Will O’Donoghue
Shane Barrett agus Will O’Donoghue

Cé go raibh bainisteoir Luimnigh, John Kiely, sásta ag leath ama mar go raibh a fhoireann ag buachan, ghlac Corcaigh smacht ar an gcluiche sa dara leath, agus iad chun cinn le seacht bpointe ag pointe amháin.

Mar sin féin, fiú leis an mbuntáiste seacht bpointe sin acu, bhí na tráchtairí agus an lucht leanúna neirbhíseach.

Bhí a fhios acu go gcríochnaíonn Luimneach go láidre i gcónaí, agus nach stopfaidís go deo den troid chun an bua a fháil.

Agus sin mar a tharla. Scóráil Luimneach ceithre phointe as a chéile gar do dheireadh an chluiche – agus ní raibh Corcaigh ach dhá phointe chun cinn ag an deireadh.

Joe Canning
Joe Canning

Ach ba leor é. Agus anois tá siad tríd go dtí cluiche ceannais na hÉireann a imreofar Dé Domhnaigh, 21 Iúil.

Tar éis an chluiche leathcheannais in aghaidh Luimnigh, mhol íocón iomána na Gaillimhe, Joe Canning, teacht aniar, Corcaigh .

Dúirt sé: ‘An bhféadfá é seo a shamhlú tar éis an chéad dá bhabhta de Chraobh na Mumhan?

‘B’éigean dóibh imirt in aghaidh Luimneach síos i bPáirc Uí Chaoimh agus bheidís imithe as an gcomórtas do Chraobh na hÉireann, dá gcaillfidís é sin.

‘Ba é an 73ú nó 74ú nóiméad a bhí ann go dtí go ndeachaigh siad chun cinn arís, agus ansin bhuaigh siad an cluiche.

‘Is farasbarr (margins)  iontacha iad a shocrófar an mbeidh bliain rathúil nó bliain an-dona agat.

Agus mhínigh laoch iomána na Gaillimhe ansin cad atá á dhéanamh ag Corcaigh atá difriúil.

Declan Dalton
Declan Dalton

‘An bhfuil a fhios agat cad é? Tá plean chluiche difriúil á imirt acu, nach bhfuil á imirt ag na foirne eile. Sé sin leis an triúr istigh,’ a dúirt sé.

‘Ag tús an dara leath, chuaigh gach poc amach i bhfad síos ar bharr Brian Hayes agus fuair siad seans leo sin, agus fuair siad na scóir freisin.

‘Chuaigh gach poc amach síos Bealach a hAon (Route One). . Is smaoineamh den seandéanamh (oldschool) é, ach oibríonn sé dóibh.’.’

Tabharfaidh Corcaigh aghaidh ar an gClár anois i gcluiche ceannais na hÉireann imreofar Dé Domhnaigh, 21 Iúil.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram