Admhaíonn an Teach Bán go raibh OCHT gcuairt ag saineolaí Parkinson’s ar Biden in ocht mí

10/07/2024

Deir foireann Biden go bhfuil meabhairshláinte an Uachtaráin go breá, ach fós tháinig na Daonlathaigh le chéile chun ceist a chur faoin seans atá ag an uachtarán bua a fháil in aghaidh Trump

D’eisigh rialtas Biden litir ó dhochtúir an uachtaráin tar éis nochtadh gur thug saineolaí Parkinson’s cuairt ar an Teach Bán ocht n-uaire in ocht mí.

Ní fhaca Biden néareolaí lasmuigh dá thrí scrúda fisiceach, rud a d’fhág cúig cinn de chuairteanna (visits) gan mhíniú.

An diaspóireacht teilifíse
An diaspóireacht teilifíse

Dúirt dochtúir Biden, Kevin O’Connor, gur thug an t-uachtarán cead dó tuilleadh faisnéise a nochtadh, i sárú neamhghnách ar an bprótacal (breach of protocol).

 Dúirt an Dr O’Connor go ndearna an Dr Kevin Cannard trí scrúdú néareolaíoch ar uachtarán na Stáit Aontaithe le linn a chuid scrúdú bliantúla ach shéan sé go raibh sé ag fulaingt le Parkinson’s.

Dúirt an litir go raibh ‘saineolas an-leathan’ ag an Dr Cannard, a oibríonn in Walter Reed National Military Medical Center.

Thug sé cuairt ar áit chónaithe an Teach Bán idir Iúil 2023 agus Márta 2024.

De réir mar a foilsíodh an litir, bhí Daonlathaithe ag cruinniú géarchéime chun todhchaí an Uachtaráin a chinneadh, tar éis an díospóireacht teilifíse i gcoinne Donald Trump.

Ó shin i leith tá Biden i mbun troda ar son a shaol polaitiúil agus daoine ag teacht go dtí cruinniú mullaigh (summit meeting) NATO i Washington, chun 75 bliain den chomhghuaillíocht a chomóradh.

Sa litir, dúirt an Dr O’Connor nach raibh aon fhianaise ar neamhoird néareolaíocha tar éis an scrúdú dochtúra (medical examination) deireanach ar Biden i mí Feabhra.

Thug an litir faoi deara go raibh an Dr O’Connor ina chomhairleoir d’Aonad Leighis an Teach Bán ó riarachán Obama.

Dúirt sé: ‘Roghnaíodh an Dr Cannard don fhreagracht seo toisc gur néareolaí ard-oilte é a bhfuil ardmheas air.’

Joe Biden le linn na díospóireachta teilifíse le Donald Trump
Joe Biden le linn na díospóireachta teilifíse le Donald Trump

Le linn chruinniú na nDaonlathaithe, dúradh go raibh daoine sinsearacha i ‘modh éisteachta’ faoi todhchaí Biden.

Ordaíodh d’ionadaithe ag an cruinniú a ngutháin a thabhairt ar láimh freisin.

Agus Daonlathach amháin ag siúl isteach thug sé an ordóg suas agus dúirt sé: ‘Joe Biden an t-am ar fad.’

Dúirt ionadaí ban eile: ‘Is é Joe Biden an t-ainmní.’ Dúirt an tIonadaí Jerry Nadler, an ball de na Daonlathaigh is mó ar an gCoiste Breithiúnais: ‘Beidh sé mar ainmní againn agus caithfimid go léir tacaíocht a thabhairt dó.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram