Ómós d’iarbhainisteoir CLG agus iar-TD John O’Mahony

07/07/2024

Ar shlí na fírinne: John O’Mahony, fear ó Mhaigh Eo a chabhraigh le Gaillimh dhá Chraobh na hÉireann a bhuachan, ceann acu in aghaidh cheannaire iontach an CLG, Mick O’Dwyer

Tá ómós tugtha ag an Taoiseach Simon Harris agus go leor eile d’iarpheileadóir Mhaigh Eo, bainisteoir CLG agus teachta Dála John O’Mahony atá ar shlí na fírinne.

‘Ba laoch spóirt, curadh (champion) agus fear uasal é John,’ a dúirt an Taoiseach.

John O’Mahony
John O’Mahony

‘Ar an bpáirc spóirt, d’fhág John oidhreacht iontach i Maigh Eo, Liatroim agus Gaillimh, áit a bhfuil siad fós ag caint ar a bhuanna i gCraobh na hÉireann i 1998 agus 2001.

‘Bhí sé ina cheannaire, chabhraigh sé le daoine meas a bheith acu ina gcumas féin, agus d’éirigh leis ag na leibhéil is airde,’ a dúirt sé faoi O’Mahony.

‘I réimse na polaitíochta, bhí an diongbháilteacht a bhí ag John mar a bhí sé sa spórt.

‘Bhí sé réasúnta, dícheallach (dedicated), éifeachtach agus bhí meas air.’

Bhí O’Mahony, arbh as Cill Mobhí (Kilmovee), Co. Mhaigh Eo dó, ina bhainisteoir ar a chontae baile faoi dhó, ach níos cáiliúla, bhí sé ina bhainisteoir ar a n-iomaitheoirí móra Connacht, Gaillimh, i 1998 agus i 2001, nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann.

Cuimhneofar freisin ar O’Mahony i Liatroim mar thug sé iad go dtí a dara teideal Chonnacht sinsearach riamh i 1994 – ag cailleadh cluiche leathcheannais i gCraobh na hÉireann do Bhaile Átha Cliath an bhliain sin.

Chuaigh sé i gceannas ar Mhaigh Eo ó 1987 go 1991, ag buachan teidil Chonnacht i 1988 agus 1989.

Chuaigh sé ar ais ansin ó 2006 go 2010.

Is é an líon iomlán de theidil Chonnacht a thuill O’Mahony ná ocht, an líon is mó d’aon bhainisteoir i stair pheile sinsear an chúige.

Bhí sé ina TD de chuid Fhine Gael do Mhaigh Eo ó 2007 go dtí 2016, nuair a ainmníodh don Seanad é.

Ag labhairt dó ar Sunday Sport ar RTÉ, dúirt Ray Silke go raibh O’Mahony bródúil as an méid a bhain sé amach mar bhainisteoir a bhuaigh Craobh na hÉireann.

‘I réimse na polaitíochta, bhí an diongbháilteacht a bhí ag John mar a bhí sé sa spórt'
‘I réimse na polaitíochta, bhí an diongbháilteacht a bhí ag John mar a bhí sé sa spórt’

Agus dúirt sé: ‘Sílim go raibh sé ina fhachtóir ollmhór i mbriseadh an uasteorainn ghloine (glass ceiling) do Liatroim agus Gaillimh.’

Dúirt Silke, a bhí ina chaptaen ar a chlub Cora Finne (Corofin) nuair a bhuaigh an club sin Craobh na hÉireann i 1998: ‘Táim cinnte go ndéan O’Mahony gach iarracht ceann a bhuachan le Maigh Eo freisin ach níor tharla sé sin.’

Dúirt Silke, a bhí ina chaptaen ar Ghaillimh freisin nuair a bhuaigh siad ar Chill Dara, agus Mick O’Dwyer mar bhainisteoir i 1998, chun Craobh na hÉireann a bhuachan: ‘Tá sé imithe ró-óg ach seasfaidh a oidhreacht ag teist an ama.’

Dála an scéil, ba é bainisteoir reatha na Gaillimhe Pádraig Joyce a scóráil an cúl ríthábhachtach do Ghaillimh an bhliain sin, nuair a bh O’Mahony mar bhainisteoir.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram