Creideann bainisteoir peile Chiarraí, Jack O’Connor, go dtabharfaidh a fhoireann aghaidh ar ‘ainmhí contúirteach’ i nDoire an deireadh seachtaine seo.
Chuir O’Connor síos freisin ar an gcluiche ceathrú ceannais mar an ‘tarraingt is deacra’ dá fhoireann.
Tagann an dá fhoireann le chéile Dé Domhnaigh i bPáirc an Chrócaigh mar chuid de dheireadh seachtaine iomlán de chluichí ceathrú ceannais na hÉireann, sa chraobh pheile.
Tá ocht bhfoireann ag imirt le haghaidh áiteanna sna ceithre háit deireanacha – agus an cluiche ceannais ag deireadh na míosa seo chugainn.
Ba ag an gcéim leathcheannais a tháinig an dá fhoireann le chéile anuraidh.
Ag an am chaill Doire an cluiche do Chiarraí ach ba chluiche diana a bhí ann.
Agus cé go bhfuil athrú tagtha ar chúrsaí d’fhoireann Uladh i measc séasúr deacair faoi Mickey Harte, measann O’Connor go bhfuil siad contúirteach go fóill.
Tar éis dóibh an tSraith a bhuachan i gcluiche ceannais i gcoinne sheaimpíní na hÉireann Baile Átha Cliath san earrach, níor éirigh le Doire a neart a thaispeáint nuair a thosaigh an chraobh.
Bhuaigh Dún na nGall, Gaillimh agus Ard Mhacha orthu – agus bhí an chuma ar an scéal go raibh a seansanna fanacht sa chraobh lag.
Mar sin féin, bhí siad maith go leor le bua a fháil in aghaidh na hIarmhí ina gcluiche ceannais grúpa – agus bhí siad i bhfad níos fearr sa chluiche in aghaidh Mhaigh Eo – a bhuaigh siad ar ciceanna éiricí an deireadh seachtaine seo caite.
D’admhaigh O’Connor go bhfuil Doire níos láidre.
Dúirt sé: ‘Is dócha gurb é an tarraingt is deacra a d’fhéadfaimis é a fháil, mar is foireann thar a bheith contúirteach iad Doire ag an bpointe seo.
‘Dúradh nach raibh seans ar bith acu, mí ó shin. Bhí siad i bpoll agus tháinig siad as an bpoll agus fuair siad bua ollmhór ar Mhaigh Eo, áit nach bhfuil riamh áit éasca le dul ann, mar is eol dúinn.
‘Agus is foireann thar a bheith contúirteach iad foireann mar sin a thagann ar ais.’
Dúirt O’Connor go raibh na trioblóidí ag Doire mar gheall ar imreoirí tábhachtacha a cailleadh ag céimeanna ríthábhachtacha. Chomh maith leis sin, d’imir siad róchrua dóibh féin sa tsraith.
‘Ní raibh aon rúndiamhair ollmhór (nó massive secret) cén fáth go raibh Doire ag streachailt ar feadh míosa nó sé seachtaine,’ a dúirt sé.
‘Bhí siad thíos le neart imreoirí maithe. Tógann tú ceathrar nó cúigear imreoir tábhachtacha as aon fhoireann agus beidh siad ag streachailt,’ a dúirt O’Connor
‘Anuas air sin, bhí siad an-dian orthu féin sa tSraith agus bhí tréimhse ann nuair a b’fhéidir go raibh sé sin ina gcoinne.
‘Ach measaimid gur foireann thar a bheith contúirteach iad, tháinig siad trína streachailt, tá a gcuid imreoirí tábhachtacha ar fad ar ais.
‘Is ainmhí contúirteach é sin inár meastachán.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.