

Spreagfar tuismitheoirí a gcuid leanaí nuabheirthe a vacsaíniú sula bhfágann siad an t-ospidéal le linn an fheachtais nua.
Bíonn vacsaíní láithreach agus éifeachtach ar feadh suas le cúig mhí – meánfhad séasúr RSV.
Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly ag cur leis an gclár vacsaíne RSV do 28,000 leanbh a bheirtear an geimhreadh seo.
Dúradh leis an Aire Donnelly go bhféadfadh ráta vacsaíne 50% suas le 453 cás de chóireáil ospidéil agus suas le 48 iontráil ICU a sheachaint.

Is víreas coitianta é Víreas Sincítiach Riospráide (Respiratory Syncytial Virus, RSV), a chuireann casacht agus slaghdán ar dhaoine. Is é an chúis is mó de ‘bronchiolitis’ agus niúmóine (pneumonia) i leanaí an-óg.
Ní víreas nua é. Faigheann beagnach gach leanbh RSV faoin am go mbíonn siad dhá bhliain d’aois.
De ghnáth scaipeann sé sa gheimhreadh agus go luath san earrach.
Tá an chuid is mó de na hairíonna (symptoms) de RSV éadrom, cosúil le srón ag sileadh, casacht agus sraothartach (sneezing).
Is iondúil go dtiocfaidh feabhas ar dhaoine laistigh de dhá nó trí seachtaine gan chóireáil nó gan ghá le dochtúir teaghlaigh a fheiceáil.
Leanaí faoi bhun 1 bhliain d’aois
Leanaí idir 1 agus 4 bliana d’aois
Leanaí agus daoine fásta a bhfuil fadhbanna scamhóg (lung) nó croí acu
Daoine le córas imdhíonachta (immune system) lag
Daoine fásta atá 65 bliana d’aois agus níos sine

Casacht
Srón ag sileadh
Deacracht beathú (feeding) nó laghdú goile (appetite)
Fiabhras (teocht 38 céim Celsius nó níos airde)
Scornach thinn
De ghnáth bíonn na hairíonna seo le feiceáil i gcéimeanna agus ní léir ag an am céanna.
Faisnéis arna fhoilsiú ag an HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FSS).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.