Anois teacht an tsamhraidh – déanach mar is gnách, a deir Met Éireann

17/06/2024

Réamhaisnéis na haimsire (weather forecast) don chuid eile den tseachtain, dar le Met Éireann

Is dócha go leanfaidh an aimsir a bhí againn thar an deireadh seachtaine ar aghaidh mar a bhí an chuid is mó den tseachtain, dar le Met Éireann.

Tá sé ráite acu gur chóir dúinn a bheith ag súil le meascán de bháisteach agus tréimhsí gréine an chuid is mó de na laethanta.

Ag an am céanna tá roinnt dóchais ann le haghaidh aimsir the níos déanaí.

Ag breathnú ar an aimsir don chuid eile den tseachtain, tá sé ráite ag Met Éireann go mbeidh ráigeanna báistí scaipthe a bhogfaidh síos, de réir a chéile, ó leath thuaidh na tíre.

Beidh roinnt tréimhsí gréine ann níos faide ó dheas, ach beidh sé sin millte ag ceathanna troma.

Beidh roinnt tréimhsí gréine ann níos faide ó dheas, ach beidh sé sin millte ag ceathanna troma, a deir Met Éireann
Beidh roinnt tréimhsí gréine ann níos faide ó dheas, ach beidh sé sin millte ag ceathanna troma, a deir Met Éireann

Beidh na teochtaí is airde idir 13C agus 19C.

Beidh maidin Dé Luain scamallach le paistí de bháisteach éadrom agus ceo, go háirithe ar fud Chúige Uladh.

Éireoidh sé níos tirime níos déanaí sa lá, le tréimhsí gréine ach beidh sé scamallach ar an iomlán.

Beidh na teochtaí is airde idir 13C agus 18C.

Beidh oíche Dé Luain scamallach le cúpla cith éadroma ag bogadh isteach i gceantair thuaisceartacha i ngaoth éadrom measartha go dtí an t-iarthuaisceart, agus beidh an teocht is ísle idir 7C agus 11C.

Tosóidh Dé Máirt scamallach den chuid is mó le cúpla cith, gar don chósta thuaidh go príomha, a dúirt Met Éireann.

Beidh sé níos tirime agus níos gile i rith an lae le tréimhsí gréine níos déanaí, agus beidh na teochtaí is airde idir 13C agus 17C.

Ar Dé Céadaoin beidh roinnt aimsir níos fearr ann. Beidh sé tirim le tréimhsí gréine ach beidh sé ceobhránach  (hazy) uaireanta thar leath theas na tíre. Beidh na teochtaí is airde idir 15C agus 19C.

Maidir leis an gcuid eile den tseachtain, tá sé ráite ag Met Éireann go dtabharfaidh ardbhrú (high pressure) aimsir níos socraithe isteach sula n-iompóidh sé míshocair (unsettled) arís.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram