An bua ag Supermac’s i gcath ‘Big Mac’ i gcoinne McDonald’s: Seo a chiallaíonn sé sin

06/06/2024

Bhí an ‘Mac beag’ as Gaillimh ag troid sna cúirteanna in aghaidh an ‘Mac mór’ ilnáisiúnta le blianta anuas – agus níl cath Big Mac críochnaithe go fóill

Sheas an chúirt is airde san Aontas Eorpach le gearán a rinne an comhlacht bialann bhurgair Éireannach, Supermac’s, i gcoinne McDonald’s faoin ‘Big Mac’.

Agus is ‘bua suntasach é sin do ghnólachtaí beaga ar fud an domhain’, a dúirt príomhfheidhmeannach Supermac’s, Pat McDonagh.

Dúirt sé: ‘Bhí a fhios againn nuair a thugamar faoin gcath seo gur cath David versus Goliath a bhí ann.

Príomhfheidhmeannach Supermac’s, Pat McDonagh
Príomhfheidhmeannach Supermac’s, Pat McDonagh

‘Ba é bunchuspóir ár n-iarratas ná léiriú a dhéanamh ar úsáid na bulaíochta trádmhairc ag an ilnáisiúnta seo chun iomaíocht a theorannú,’ a dúirt sé.

Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa nach bhféadfadh McDonald’s an t-ainm ‘Big Mac’ a úsáid mar trádmharc (trademark), maidir le táirgí éanlaithe clóis(poultry).

Chláraigh McDonald’s an t-ainm ‘Big Mac’ san Aontas Eorpach i 1996.

Rinne Supermac’s iarratas den chéad uair ar Oifig an Aontais Eorpaigh um Maoin Intleachtúil (European Union Intellectual Property Office,  EUIPO) chun an trádmharc ‘Big Mac’ a chúlghairm (revoke) i 2017, ar an mbonn nár bhain McDonald’s úsáid cheart as le cúig bliana.

Rialaigh EUIPO go páirteach i bhfabhar na cuideachta atá lonnaithe i nGaillimh, i 2019, ag cúlghairm clár McDonald’s ar an trádmharc ‘Big Mac’, agus ag ligean do Supermac’s an téarma a úsáid dá bhia.

Rialaigh sé freisin, áfach, go bhféadfadh McDonald’s fós an trádmharc ‘Big Mac’ a úsáid le haghaidh ceapairí sicín agus táirgí éanlaithe eile agus i dtaca lena bhialanna agus lena bhealaí tiomána.

Ansin thug Supermac’s an chás go dtí Cúirt Bhreithiúnais Eorpach, ag éileamh go raibh McDonald’s ag baint úsáide as an trádmharc ‘Big Mac’ chun an chuideachta a chosc ó leathnú sa Bhreatain agus sa chuid eile den Eoraip.

Leis an mbreithiúnas is déanaí, d’aontaigh an chúirt nach raibh McDonald’s tar éis an trádmhaire ‘Big Mac’ a úsáid maidir le ceapairí sicín, bianna a ullmhaíodh ó tháirgí éanlaithe clóis, agus bialanna agus ‘drive-throughs’ i le cúig bliana anuas.

Dúirt an chúirt nár thug fianaise a chuir McDonald’s isteach aon léiriú ar an úsáid a bhain sé as an trádmharc ‘Big Mac’ i ndáil le hearraí den sórt sin agus an méid díolacháin dá bharr.

Rinne Supermac’s brabús €29 milliún i 2022, suas ó €24 milliún i 2021, agus mhéadaigh ioncam bliain ar bhliain ó €195.7 milliún go €276.3 milliún.

Tá glansócmhainní de €217 milliún ag an gcuideachta, lena n-áirítear airgead tirim agus coibhéisí de €86 milliún agus réadmhaoin, gléasra agus trealamh de €135.2 milliún.

Thuairiscigh an chuideachta ollmhór McDonald’s díolacháin de $6.4 milliún anuraidh le glanioncam ag méadú $2 billiún.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram