Bhrish tine amach i gCo. Chill Dara tráthnóna Dé Máirt i mbialann McDonald’s sa Droichead Nua.
Tuigtear gur bhris an tine thart ar 12pm ar Bhóthar Pháirc Uí Mhórdha (Moorefield Road).
Deir Gardaí nár tuairiscíodh gortuithe ar bith maidir leis an tine, agus bhí comhairle tugtha acu do thiománaithe bealach eile a úsáid.
Tá píosaí scannáin den eachtra scaipthe go forleathan ar líne agus taispeánann sé deatach trom dubh ag teacht ón mbialann. Creidtear go ndeachaigh carr trí thine ag an tiomáint tríd.
Dúirt urlabhraí: ‘D’fhreagair Gardaí agus na seirbhísí éigeandála tuairiscí ar thine ag áitreabh tráchtála ar Bhóthar Pháirc Uí Mhórdha, Droichead Nua, Co. Chill Dara.
‘Ní tuairiscítear gortuithe ar bith faoi láthair agus tá an bóthar dúnta fós. Tá an Garda Síochána ag comhairliú do thiománaithe bealach eile a úsáid le do thoil,’ a dúirt na gardaí ag an am.
Idir an dá linn, dúirt urlabhraí do Chomhairle Contae Chill Dara go raibh comhraiceoirí dóiteáin (fire fighters) ag obair chun an tine a chur faoi smacht.
I ráiteas, dúirt siad go raibh tine leanúnach i mbialann McDonald’s ag Moorefield, Droichead Nua, Co. Chill Dara.
Bhí an tseirbhís dóiteáin i láthair agus foirne ó 3 stáisiún ag obair chun an tine a rialú.
‘Táthar ag súil go mairfidh gníomhaíochtaí comhraicthe dóiteáin (fire fighters) ar feadh roinnt uaireanta,’ a dúirt siad ag an am.
Dúirt siad freisin go raibh deatach le feiceáil ar fud limistéar leathan, agus ‘moltar do chónaitheoirí atá gar do dhóiteán fuinneoga agus doirse a choinneáil dúnta’.
Léiríonn íomhánna agus físeáin a roinntear ar líne chuid ollmhóra deataigh ag teacht ó limistéar ginearálta na bialainne.
Tuigtear gur thosaigh an tine mar gheall ar charr in aice leis an McDonald’s pléasctha i lasracha.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.