Tá go leor de lucht leanúna CLG, sacair agus rugaí beagán neirbhíseach faoina gcuid spóirt ar an scáileán an tseachtain seo – agus ní bhaineann sé le GAAGO.
Baineann sé leis an gcás cúirte faoi ‘dodgy boxes’ inar ciontaíodh fear amháin agus inar chaill na mílte ‘custaiméirí’ a ‘sheirbhís’.
Cuireadh deireadh le seirbhís ‘dodgy box’ amháin i ndiaidh don oibritheoir a scaoileadh saor as an bpríosún chun socrú a dhéanamh go ndúnfaí é.
Chuala Cúirt Chuarda Choiriúil (Circuit Criminal Court) an Náis nach bhfuil King Kong Media ag feidhmiú a thuilleadh.
Roimhe sin bhí daoine in ann cainéil teilifíse síntiúis a fháil ar tháille bhliantúil timpeall €70. Agus dúirt an t-oibritheoir cheana féin go raibh thart ar 3,500 custaiméir aige.
Phléadáil an t-oibritheoir Ciaran Donovan, atá 41 bliain d’aois, as Ashfield, Contae Chill Dara, ciontach i gcúiseamh amháin faoin Acht um Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta (Money Laundering and Financing of Terrorism Act) idir Eanáir 2016 agus Márta 2022.
Athchuireadh Donovan ar bhannaí leanúnacha go dtí dáta i mí Iúil nuair a chuirfear deireadh le pianbhreith ina chás.
Ach seo í an cheist: seans go bhfuil dodgy boxes ag na mílte duine sa tír seo, ach is beag duine acu a mhaíomh go bhfuil sé de cheart acu dodgy box a bheith acu.
Is lú fós a bheadh ar buille le comhlacht Sky as iarracht a dhéanamh na ‘seirbhísí’ a dhúnadh.
Agus an mbeadh polaiteoir ar bith – go háirithe an Taoiseach Simon Harris nó an Tánaiste Micheál Martin – ag éileamh go gcuirfeadh FA Shasana agus Sky Sport a gcuid cluichí móra ar fáil saor in aisce in Éirinn.
Mar sin cén fáth an bhfuil an brú sin ar an CLG?
Is é uachtarán CLG Jarleth Burns a rinne na hargóintí ar son GAAGO, agus tá siad leagtha amach go soiléir in alt ar ExtraG.ie le Shane McGrath (CLICÉAIL ANSEO CHUN E A LÉAMH).
Anois tá laoch iomána Chill Chainnigh, Richie Hogan, ag maíomh nach mbeadh mórán cluichí iomána Laighean ar an scáileán gan GAAGO.
Tá Hogan, a bhfuil seacht mbonn Chraobh na hÉireann buaite aige, ag obair le GAAGO anois.
Dúirt sé gur taispeánadh trí oiread cluichí iomána na Mumhan ar RTÉ (sé cinn i gcomparáid le dhá chluiche Laighean) agus gurbh é GAAGO a léirigh cluichí Laighean lena n-áirítear cluiche ceannais Cheatharlach in aghaidh Cill Chainnigh.
Dúirt sé: ‘Bheithinn go mór ina bhfabhar (GAAGO), ní toisc go bhfuilim leo anois, ach toisc go dteastaíonn na cluichí uainn ar an teilifís.
‘Go deimhin, ní bheadh cluiche Chill Chainnigh-Ceatharlach clúdaithe ag RTÉ agus tá a fhios sin ag gach éinne – sin é an réaltacht.’
Rinne sé pointe an-suimiúil freisin faoi na ‘cluichí móra’ a chur ar RTÉ saor in aisce.
Dúirt sé: ‘Ansin bheadh ar dhaoine ó Cheatharlach agus ó Loch Garman íoc as féachaint ar a gcluichí agus bheadh daoine ó Chorcaigh agus Luimneach in ann féachaint ar a gcuid cluichí saor in aisce, agus mar sin conas atá an iománaíocht á chur chun cinn sna ceantair sin?’
Agus sin mar atá sé ach ní hé sin deireadh na díospóireachta.
Ní thagann deireadh riamh, is cosúil, leis an díospóireacht sa CLG.
Ach ní drochrud é sin ach an oiread. Toisc gur eagraíocht dhaonlathach é an CLG agus is iad na baill, ar deireadh thiar, atá in ann an fíorbhrú a chur ar an CLG a meon a athrú faoi GAAGO.
Agus is iad na baill chéanna a fheicfidh na buntáistí a bhaineann leis an airgead a thugann GAAGO do chlubanna agus d’fhoirne contae.
Ar ndóigh, is é an bealach is fearr chun taitneamh a bhaint as cluiche ná dul chuige.
Cosnaíonn ticéid do chluichí ceannais na gcúigí €40, is é sin, mura gcuireann an Taoiseach nó an Tánaiste ina choinne sin freisin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.