Tá amanna, dátaí agus formhór na n-ionad fógartha ag CLG don deireadh seachtaine mór 15/16 Meitheamh – agus is tráth ríthábhachtach é do na foirne móra.
Is é an scéal is mó ná go mbeidh lucht leanúna Chorcaí in ann a bpeileadóirí agus a n-iománaithe a fheiceáil in aicsean an lá céanna – agus beidh ‘Blue Army’ na Dubs ag taisteal go dtí Ros Comáin don chluiche in aghaidh Mhaigh Eo.
Bheadh Ciarraí ag súil go mbeadh cluiche éasca acu in aghaidh Lú (Louth) ach tá bainisteoir Chiarraí Jack O’Connor buartha faoi ‘fhuinneamh agus dearcadh’ imreoirí Chiarraí.
Bhuaigh siad in aghaidh na Mí, sa deireadh, ach rinne Lú an rud céanna.
Agus tá Ger Brennan ag cruthú gur féidir le himreoirí Lú dul ar aghaidh go leibhéil nua gan a iarbhainisteoir Micky Harte.
Idir an dá linn, ní féidir le Doire, le Mickey Harte i gceannas, dul chun cinn a dhéanamh tar éis laethanta glóire na Sraithe.
Níor chabhraigh sé ach oiread nuair a chur Harte an milleán ar fhadhbanna ‘síceolaíocha (psychological)’ na n-imreoirí.
is dócha nárbh é sin go díreach a bhí i gceist aige agus é ag caint, ach thug sé sin seans d’iarimreoir Dhoire, Joe Brolly, Harte a cháineadh arís.
Idir an dá linn, san iomáint ní bheidh a fhios cad iad na cluichí iomlána go dtí go n-imreofar cluiche ceannais Joe McDonagh an deireadh seachtaine seo.
An Satharn seo sa CLG, imreoidh Uíbh Fhailí (Offaly) in aghaidh Laoise sa chluiche ceannais sin agus imreoidh na cailliúnaithe in aghaidh Loch Garman (Wexford) fad is a imreoidh na buaiteoirí in aghaidh Chorcaí.
Agus an Satharn dár gcionn, 15 Meitheamh, beidh cluiche ceannais iomána Chorcaí san ionad céanna leis an gcluiche peile idir Corcaigh agus Tír Eoghain – is i dTulach Mhór nó i bPort Laoise a bheidh sé. Agus beidh an cluiche peile ar GAAGO.
Beidh cluiche peile Dhoire in aghaidh na hIarmhí ar an Satharn freisin.
Beidh an cluiche sin san Iúr (Newry) ag 7pm agus beidh sé beo ar GAAGO freisin.
Ar an Satharn freisin sa CLG imreoidh Dún na nGall in aghaidh an Clár ag 3pm agus tabharfaidh Ros Comáin aghaidh ar an gCabhán ag 5pm.
Dé Domhnaigh, 16 Meitheamh, imreoidh Gaillimh in aghaidh Ard Mhacha ag 1.45pm agus is ag 3.45pm a bheidh cluiche Bhaile Átha Cliath in aghaidh Mhaigh Eo.
Beidh an dá chluiche sin ar RTÉ2.
Ar an Domhnach freisin sa CLG, imreoidh Ciarraí in aghaidh Lú i bPort Laoise ag 3pm agus ag 3pm freisin imreoidh Muineachán (Monaghan) in aghaidh na Mí – agus beidh an cluiche sin ar GAAGO.
Peil
Dún na nGall v An Clár, 3 pm
Tír Eoghain v Corcaigh, 3pm – GAAGO
Ros Comáin v An Cabhán, 5pm
Doire v An Iarmhí, 7pm – GAAGO
Iománaíocht
Uíbh Fhailí v Corcaigh nó Loch Garman
Laoise v Corcaigh nó Loch Garman
Peil
Gaillimh v Ard Mhacha, 1.45pm – RTÉ2
Muineachán v An Mhí, 3pm – GAAGO
Lú v Ciarraí, 3pm
Baile Áth Cliath v Maigh Eo, 3.45pm – RTÉ2
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.