Tá sé ráite ag Joe Biden go bhfuil ‘gach cúis’ le creidiúint go bhfuil Benjamin Netanyahu ag coinneáil an chogaidh i nGaza ag imeacht, ar mhaithe lena leas polaitiúil féin.
Níor thacaigh Uachtarán Mheiriceá, áfach, leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (International Criminal Court, ICC) agus leis an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (International Court of Justice, ICJ) ina n-iarrachtaí chun Iosrael a fhreagairt as a chuid gníomhartha in Gaza.
Rinne Biden na ráitis faoi phríomh-aire Iosrael in agallamh leis an iris Time a foilsíodh maidin Dé Máirt.
Tháinig Biden faoi bhrú cheana féin as a thacaíocht láidir d’Iosrael, ó go leor vótálaithe óga agus lucht tacaíochta an pháirtí Dhaonlathaigh, le linn fheachtas toghchán na huachtaránachta i gcoinne Donald Trump.
Tháinig laghdú ar thacaíocht do Netanyahu tar éis ionsaí Hamas an 7 Deireadh Fómhair, rud a léirigh lochtanna tromchúiseacha i slándáil Iosrael.
Deir formhór na dtráchtairí polaitiúla go gcaillfeadh Netanyahu toghcháin dá reáchtálfar iad anois.
Dá dtarlódh sé sin chuirfí iallach air dul isteach sa fhreasúra agus bheadh cúisimh chaimiléireachta (corruption charges) air.
Ach tá toghcháin curtha ar ceal mar gheall ar an gcogadh
D’fhiafraigh Time de Biden ar chreid sé go bhfuil Netanyahu ‘ag coinneáil an chogaidh ag dul chun cinn ar mhaithe lena fhéinchaomhnú (self-preservation) polaitiúil féin’.
Dúirt Biden: ‘Níl mé chun trácht a dhéanamh air sin.’ Ach dúirt sé ansin: ‘Tá gach cúis ag daoine an chonclúid sin a bhaint amach.’
Phléigh sé cuid de na fadhbanna polaitiúla inmheánacha a bhí ag Netanyahu roimh an gcogadh.
Nuair a cuireadh ceist ar urlabhraí chomhairle slándála náisiúnta Mheiriceá, John Kirby, faoi fhreagra Biden, dúirt sé: ‘Sílim go raibh an t-uachtarán an-soiléir ina fhreagra ar sin, agus ligfimid don phríomh-aire labhairt faoina pholaitíocht féin.
Dúirt Kirby freisin: ‘Bhí an t-uachtarán ag tagairt dá bhfuil ráite ag go leor daoine.’
Mar fhreagra, dúirt urlabhraí rialtas Iosrael, David Mencer, go bhfuil tuairimí Biden faoi Netanyahu agus polaitíocht Iosrael ‘lasmuigh de noirm thaidhleoireachta gach tír smaointeoireachta cirt (right-thinking)’.
Fiafraíodh de Biden freisin faoi na líomhaintí, atá á n-imscrúdú ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC) agus ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (ICJ), go bhfuil Iosrael ag déanamh coireanna cogaidh (war crimes) i nGaza.
Mar sin féin, thug an t-uachtarán freagra éiginnte.
Dúirt sé: ‘Is é an freagra, tá sé neamhchinnte agus tá sé fiosraithe ag na hIosraeilítigh féin.
‘Is rud é an ICC nach n-aithnímid. Ach tá rud amháin cinnte: tá na daoine i nGaza, na Palaistínigh, tar éis fulaingt go mór, mar gheall ar easpa bia, uisce, leigheas, srl.
‘Agus maraíodh go leor daoine neamhchiontach.’
Dúirt sé go bhfuil Hamas freagrach freisin as an doirteadh fola in Iosrael agus Gaza.
Fiafraíodh de an raibh Iosrael ag baint úsáide as ‘ocras sibhialtach mar mhodh cogaíochta’, cúiseamh a bhí á leanúint ag ionchúisitheoir (prosecutor) an ICC, Karim Khan.
D’fhreagair sé: ‘Ní dóigh liom go bhfuil.’
Dúirt sé freisin, áfach: ‘Sílim go bhfuil siad tar éis gabháil do ghníomhaíocht atá míchuí.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.