Tá ‘pionós postchóid’ á íoc ag tiománaithe agus árachas á fháil acu, agus tá tiománaithe óga i mbruachbhailte (suburb) saibhre i mBaile Átha Cliath ag íoc níos lú ná tiománaithe le níos mó taithí ó cheantair nach bhfuil chomh saibhir sin.
Tá sé cruthaithe go bhfuil seoladh tiománaí ina phríomhfhachtóir d’árachóirí (insurers) agus iad ag socrú préimheanna (premiums), de réir scrúdaithe ar bheagnach 40,000 meastachán (quotes) ó dheich gcuideachta árachas gluaisteáin.
Gné shuntasach eile atá ann ná slí bheatha an duine, agus cinneadh á dhéanamh ar cé a íocann is mó.
Mar sin féin is é tíreolaíocht – agus ní aois, pointí pionóis nó fiú inscne – is mó a mheasann cuideachtaí árachais anois agus iad ag tabhairt meastacháin.
Is féidir le tiománaí le taithí (experience), atá 60 bliain d’aois, gan aon phointí pionóis, agus atá ina chónaí i gceantar nach bhfuil chomh saibhir sin, suas le €338 sa bhreis a íoc as a n-árachas ná mar a íocann tiománaí atá 25 bliain d’aois as Gleann na gCaorach (Glenageary) i mBaile átha Cliath.
I mbaile an Longfoirt, ba é an meánluach do thiománaí atá 25 bliain d’aois ná €2,164, agus bheadh ar thiománaí leis na critéir chéanna ó Bhaile an Chrócaigh i gCo. Chorcaí níos lú ná a leath sin, €849 in aghaidh na bliana, a íoc.
Sé sin difríocht de €1,315.
Deir taighde an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, gurbh í sin an ‘difríocht ba mhó’ a bhí ann le árachas.
Mar sin féin, léirigh siad roinnt samplaí d’éagsúlacht praghsanna.
Is féidir le tiománaithe a bhfuil pointí pionóis acu i mBaile Átha Cliath 17, a thagann as ceantair mar an Chúlóg, a bheith ag súil go n-ardóidh a bpréimheanna ó €792 go €1,642, méadú 107%.
I gcodarsnacht leis sin, ní bheadh ach méadú €560 go €941 ar a gcuid luachana ag tiománaithe ó Mhala i gCorcaigh.
Dúirt na taighdeoirí: ‘Cé go mbíonn an réasúnaíocht taobh thiar den chleachtas seo ag brath go minic ar na rioscaí méadaithe a bhaineann le réimsí ardchoireachta (high crime area), tagann ceisteanna chun cinn maidir le cothromas “pionós” a ghearradh ar thiománaithe atá bunaithe ar a gcomharsanacht chónaithe amháin.’
Dúirt siad gur thug a gcuid anailíse ar árachas le tuiscint go raibh an suíomh ‘níos airde ná blianta de thaithí thiomána’.
Dúirt siad freisin: ‘Fuaireamar amach gur gearradh pionós ar thiománaithe ó láithreacha ardphréimhe as éileamh a dhéanamh nó pointí pionóis a bheith acu i gcomparáid le suíomhanna ísealphréimhe.’
Dúirt an Dr Adrian Byrne, príomhthaighdeoir: ‘Tá sé feicthe againn go bhfaighidh tiománaithe atá 25 bliana d’aois sna háiteanna is saibhre meastachán níos ísle ná duine atá 60 bliain d’aois a bhfuil cónaí air sna háiteanna is boichte, in ainneoin i bhfad níos mó taithí thiomána agus polasaithe tiomána ina n-ainm féin.’
D’ardaigh sé freisin an cheist an bhfuil ról ag intleacht shaorga (AI) i gcinneadh meastacháin faoi árachas bunaithe ar chóid phoist.
‘Má tá cuideachtaí árachais gluaisteáin ag úsáid AI níos mó agus níos mó, ní mór dóibh a bheith cosanta ó chlaonadh a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le neamhchomhlíonadh Acht AI nua an AE.’
Le reachtaíocht Eorpach, atá le tabhairt isteach níos déanaí i mbliana, gearrfar pionós ar sholáthraithe seirbhísí riachtanacha ar nós cuideachtaí árachas gluaisteáin as gan chosaint ar chlaonadh ina gcórais AI.
Beidh cuideachtaí a bhfuarthas amach gur sháraigh siad rialacha Acht AI an AE faoi dhliteanas fíneálacha riaracháin suas le €30 milliún nó suim atá comhionann le 6% dá láimhdeachas bliantúil (annual turnover).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.