Bhí deireadh seachtaine fada grianmhar againn, ach tháinig an bháisteach ar an Máirt faoi dheireadh, agus, ar an drochuair, de réir Met Éireann, beidh tréimhsí fuara ann ar feadh na chéad seachtain den mhí – agus fiú ina dhiaidh sin.
Tosóidh Dé Céadaoin geal agus grianmhar. Mairfidh an aimsir thirim ar fud na tíre, ach beidh roinnt ceathanna in Uladh níos déanaí sa lá.
Ní bheidh na teochtaí ach ag 15C le gaoth éadrom go measartha san iarthar.
‘Ar oíche Dé Céadaoin beidh go leor aimsir thirim le tréimhsí geala, ach beidh roinnt ceathanna scaipthe ann, go príomha sa tuaisceart agus san iarthar,’ a dúirt Met Éireann.
‘Is iad na teochtaí is ísle a bheidh ann ná 5C go 7C.’
Tá sé ráite ag Met Éireann freisin go mbeidh meascán de scamall agus de sholas na gréine ann ar Déardaoin.
Beidh ceathanna scaipthe ar fud na tíre, agus beidh siad trom i gcodanna de Chúige Uladh. Beidh na teochtaí idir 12C agus 15C.
Agus muid ag druidim ar ais i dtreo na deiridh seachtaine arís, beidh roinnt ceathanna ann oíche Déardaoin.
Ní fada a mhairfidh sé sin, áfach, mar beidh aimsir bháistí ag bogadh siar ar fud na tíre go luath maidin Dé hAoine.
Beidh an teocht is ísle idir 5C agus 9C le gaoth éadrom go measartha agus báisteach, a dúirt Met Éireann.
Is dócha go n-imeoidh an bháisteach níos déanaí maidin Dé hAoine, le solas na gréine agus ceathanna scaipthe ina dhiaidh.
Ar an drochuair, ní bheidh na ceathanna ag dul áit ar bith agus beidh siad ann ag an deireadh seachtaine freisin.
Lá geal a bheidh ann Dé Sathairn, le scamaill agus roinnt tréimhsí gréine.
‘Beidh a thuilleadh ceathanna scaipthe, go háirithe níos faide ó thuaidh agus beidh an teocht níos ísle ná Dé hAoine, ní bheidh sé ach ag 16C.
‘Cé go bhfuil éiginnteacht ann ón Domhnach, tá seans ann go dtógfaidh brú ón iardheisceart ar an Domhnach agus ar an Luan, chun laethanta tirime den chuid is mó a thabhairt le solas na gréine, ach le ceathanna scaipthe sa mheascán.
‘Sa chás seo, thiocfadh feabhas ar theocht freisin, idir céimeanna 16C go 18C nó 19C faoin Luan, le gaotha éadrom go measartha siar ó thuaidh Dé Domhnaigh,’ a dúirt Met Éireann.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.