Tá feirm ghaoithe nua á beartú do cheantar Chill Mhantáin. Tá sé ráite ag an gcomhlacht atá i gceist go mbeidh go leor cumhachta ag an bhfeirm ghaoithe do bheagnach 850,000 teach.
Tá an plean ag an gcomhlacht fuinnimh SSE dá thionscadal Arklow Bank Wind Park 2, i Muir Éireann.
Tá an comhlacht ag cur isteach iarratas pleanála, níos déanaí an tseachtain seo, don tionscadal amach ón gcósta.
Chuir an comhlacht síos ar an tionscadal mar ‘an gharsprioc (milestone) is déanaí agus is suntasaí i seachadadh phríomhthionscadal feirm ghaoithe amach ón gcósta Éireannach de chuid SSE’.
Deir sé freisin go mbeidh an infheistíocht iomlán sa tionscadal nua suas le €800milliún, agus go gcruthóidh sé na céadta post i dtógáil agus seirbhísiú ag an suíomh, amach ó chóstaí Chill Mhantáin agus thuaisceart Loch Garman.
Má cheadaítear pleanáil don tionscadal 800MW an Arklow Bank 2 , beidh ‘ról ríthábhachtach a imirt aige i dtreo córas fuinnimh baile (homegrown energy system) níos glaine agus níos sláine don tír’, a dúirt SSE.
Dúirt James O’Hara, stiúrthóir tionscadail an Arklow Bank: ‘Tá ár bhfoireann de bhreis agus 50 gairmí fuinnimh in-athnuaite (renewable energy professionals) ag obair go dian ar feadh beagnach seacht mbliana, le tacaíocht ó sholáthraithe áitiúla tiomnaithe, chun feirm ghaoithe a chruthú amach ón gcósta Éireannach – sé sin an Arklow Bank Wind Park 2.
‘Agus é sin á dhéanamh againn, táimid ag comhlíonadh an fhís cheannródaíoch maidir le gaoth amach ón gcósta ar scála tráchtála a sheachadadh ag Arklow Bank, a théann siar beagnach 20 bliain, ó cuireadh na chéad seacht dtuirbín isteach ar an láithreán, agus a bhí ar an gcéad fheirm ghaoithe amach ón gcósta in Éirinn agus an t-aon fheirm ghaoithe oibriúcháin in Éirinn. ‘
Beidh an fheirm ghaoithe amach ón gcósta in ann go leor fuinnimh in-athnuaite a tháirgeadh chun stop a chur le 800,000 tonna d’astuithe carbóin (carbon emissions) in aghaidh na bliana, a dúirt siad.
Chuirfí gach ceann de na 56 tuirbín ar bhunsraitheanna cruach (steel foundations).
Tá dhá Ardán Fostáisiúin Amach ón gCósta (Offshore Substation Platforms) i gceist leis an bplean chomh maith le cáblaí faoin bhfarraige chun an chumhacht a nascadh leis an eangach náisiúnta ag Baile Sheáin Thuaidh (Johnstown North), lastuaidh den Bhaile Inbhear Mór (Arklow Town).
Deir SSE go bhfuil súil acu tús a chur leis an obair in 2026 agus leictreachas á tháirgeadh faoi 2029.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.