Trump ciontach as doiciméid ghnó a fhalsú, ach an bhfuil sé ag dul go príosún

30/05/2024

Chiontaigh an giúiré Trump as íocaíocht ‘hush’ airgid le réalta porn Stormy Daniels a chlúdach agus tá a phianbhreith sceidealta don 11 Iúil.

Tá iar-uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ciontach as doiciméid ghnó a fhalsú chun íocaíocht hush airgid a chlúdach.

Bhí an t-airgead le haghaidh réalta porn Stormy Daniels le linn toghchán 2016.

Chiontaigh giúiré 12 duine as Nua-Eabhrac é tar éis 10 n-uaire an chloig de phlé thar dhá lá.

Phléadáil Trump, atá 77, neamhchiontach agus séanann sé go raibh teagmháil ghnéasach aige le Daniels i 2006.

Donald Trump
Donald Trump

Anois beidh sé de dhualgas ar an mBreitheamh Juan M Merchan a chinneadh an mbeidh am príosúin san áireamh ina phionós. 

Bhí Trump cúisithe as 34 comhaireamh a bhaineann le híocaíocht an airgid ‘hush’ $130,000 le Stormy Daniels sna laethanta roimh thoghchán 2016.

Ciontaíodh  Trump ar na 34 chúis ar fad. Bhí a phianbhreith sceidealta don 11 Iúil.

Is feileonachtaí an chatagóir fheileonachta is ísle i Stát Nua-Eabhrac, na cúisimh go léir. 

Tá féidearthacht suas le ceithre bliana sa phríosún i ngach comhaireamh. 

Má tá pionós phríosúin i gciest, is dócha go bhforchuirfeadh (impose) an Breitheamh Merchan an pionós i gcomhthráth (concurrently), rud a chiallaíonn go gcuirfeadh sé am príosúin ar gach ceann de na comhairimh ag an am céanna. 

D’fhéadfadh an Breitheamh Merchan rogha a dhéanamh pianbhreith phromhaidh (probation) a ghearradh, gan aon am i bpríosúin.

Bheadh ar Trump ansin tuairisc rialta a thabhairt do Roinn Phromhaidh Chathair (Probation Department) Nua-Eabhrac. 

D’fhéadfaí é a chur i bpríosún láithreach freisin dá ndéanfadh sé coireanna breise. 

Is dócha go dtabharfadh an Breitheamh Merchan pianbhreith Trump roinnt seachtainí tar éis na breithe, má tá sé ciontach. 

Ach d’fhéadfadh go gcuirfí moill ar aon phionós. 

Déanfaidh Trump achomharc gan dabht ar aon chiontú, próiseas fada a d’fhéadfadh míonna nó níos faide a ghlacadh agus is dócha nach ndéanfaí é a réiteach roimh Lá an Toghcháin. 

Sa chás sin, is dócha go bhfanfadh sé saor go dtí go réiteofar an t-achomharc. 

Níor tugadh le fios go fóill cad a chinnfeadh an Breitheamh Merchan, cé go bhfuil sé curtha in iúl aige go dtógann sé coireacht an bhóna bháin (white collar crime) i ndáiríre. 

D’ionsaigh Trump go leanúnach é agus chuir sé síos air mar ‘chlaonta (biased)’ agus ‘truaillithe’.  

 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram