Tá iarrtha ag grúpaí Gaeilge agus lucht tacaíochta ó cheantair Ghaeltachta agus ó cheann ceann na tíre ar an Rialtas beart a dhéanamh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta i gceantair Ghaeilge.
I léirsiú lasmuigh de Theach Laighean Dé Céadaoin, thug an grúpa feachtais Bánú, le tacaíocht ó eagraíochtaí tithíochta agus abhcóideachta Gaeilge, aird ar an easpa mhór tithíochta sna ceantair Ghaeltachta.
Dúirt Róisín Ní Chinnéide, urlabhraí don Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga: ‘Tá sé seafóideach go bhfuilimid fós ag fanacht ar fhoilsiú na dTreoirlínte Pleanála Gaeltachta i mí na Bealtaine 2024 agus iad geallta siar i 2021.
Bhí siad ag iarraidh cás na Gaeltachta agus an ghéarchéim thithíochta inti a léiriú do pholaiteoirí agus do phobal na tíre i gcoitinne.
Bhí tacaíocht ag an léirsiú ó ghrúpaí pobail aitheanta, ina measc: Conradh na Gaeilge, an Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga, BÁNÚ, an Dream Dearg, Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann agus CATU Ireland.
Luadh míshástacht le moilleadóireacht ón Roinn Tithíochta agus ó Roinn na Gaeltachta maidir leis na Treoirlínte Pleanála Gaeltachta mar chúis leis an agóid.
D’fhógair na léirsitheoirí na trí phríomh éileamh atá acu ar Rialtas na hÉireann:
1. Go bhfoilseofar na Dréacht-Treoirlínte Pleanála don Ghaeltacht, atá geallta ó 2021, láithreach bonn.
2. Go dtabharfar feidhmeanna soiléire tithíochta d’Údarás na Gaeltachta mar chuid den Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024.
3. Go láidreofar an Bille um Pleanáil agus Forbairt 2023 ó thaobh na Gaeltachta de tríd an 3 rud seo a leanas a chur san áireamh ann:
a. Go mbeidh dualgas ar gach údarás áitiúil Plean Tithíochta agus Daonra a chur le chéile do gach Limistéar Pleanála Teanga faoina chúram.
b. Go nglacfar leis go sásaíonn líofacht sa Ghaeilge (cainteoir dúchais nó leibhéal B2 ar FTCE) na critéir don ‘riachtanas áitiúil’ maidir le forbairtí tithíochta sa Ghaeltacht.
c. Go gcuirfear an próiseas pleanála teanga san áireamh fud fad an Bhille leis an aitheantas agus tacaíocht chuí a thabhairt dó.
Dúirt Ní Chinnéide: ‘Cuirtear ceisteanna Gaeltachta agus Gaeilge ar an méar fhada agus ag bun an liosta go rómhinic agus is mithid don chleachtas seo athrú, mar tá polasaithe tithíochta an rialtais ag brú na teanga chun éaglaigh sna ceantair Ghaeltachta.
‘Táimid ag léirsiú chun cúpla gníomh práinneach a éileamh ón Rialtas, céimeanna a bhféadfaí a thógaint gan aon dua, ach an toil pholaitiúil a bheith ann: na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht atá geallta le ó 2021 a fhoilsiú láithreach bonn, leasuithe chun tairbhe na Gaeltachta a dhéanamh ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt 2023 (leasuithe atá curtha os a gcomhair cheana féin), agus cumhachtaí tithíochta a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta trí leasú simplí a dhéanamh ar an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024.
‘Táimid bréan de bheith ag fanacht ar Airí, ag fanacht ar ghealltanais agus ag fanacht ar ghníomh –tá teachtaireacht shoiléir tugtha againn agus beimid glórach go mbeidh réiteach ar ghéarchéim tithíochta ár linne.’
Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, urlabhraí don Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga: ‘Ní bheidh an Ghaeilge beo bríomhar gan pobal labhartha beo bríomhar.
‘Tá an easpa tithíochta do aos óg na Gaeltachta mar bhagairt ár linne d’inmharthanacht na Gaeltachta.
‘Ní easpa forbartha, easpa deiseanna ná easpa fostaíochta, ach easpa tithíochta.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.