An í an láithreoir teilifíse Amanda Balionis an bhean nua i saol grá Rory Mcillroy?

28/05/2024

Deir tuairiscí go bhfuil bean nua ina shaol ag Rory McIllroy cheana féin cé nár fógraíodh a cholscaradh (divorce) ach le déanaí

In ainneoin a cholscartha a fhógairt le déanaí, táthar ag rá go bhfuil suim nua grá ag Rory McIlroy i bpearsa teilifíse Meiriceánach Amanda Balionis.

Chuir an scéala go raibh Rory ag lorg colscartha óna bhean chéile Erica Stoll ionadh ar lucht leanúna an ghalfaire Éireannach níos luaithe sa mhí.

Tá iníon acu, Poppy, atá ceithre bliana d’aois.

Amanda Balionis
Amanda Balionis

Tháinig Rory agus Erica le chéile ag Corn Ryder in 2012, agus Erica, atá  ó Nua Eabhrac ó dhúchas, fós ag obair do PGA ag an am, mar oifigeach iompair.

Sula ndeachaigh sé amach le Erica in 2014, bhí Rory ag dul amach le gairmí leadóige (tennis professional) Caroline Wozniacki, a bhí sé ag iarraidh pósadh i 2013, sular scoir siad cúpla mí ina dhiaidh sin.

Phós Rory Erica i mí Aibreáin 2017 ag Caisleán Áth na Fuinseoige (Ashford Castle)  i gContae Mhaigh Eo.

Cé nár fógraíodh colscaradh na beirte ach coicís ó shin, tuairiscítear go raibh Rory gar don láithreoir teilifíse Meiriceánach Amanda Balionis.

Dar leis an Irish Daily Mail: ‘Ní bheidh ionadh ar éinne go bhfuil duine éigin eile ag Rory. Sin mar atá. Féach siar ar a shaol grá.

‘Ní fear é seo ar maith leis a bheith ina aonar. Bíonn an chéad “conquest” eile le feiceáil i gcónaí sula dtéann an duine reatha.

Rory McIllroy le  Erica Stoll agus Poppy
Rory McIllroy le Erica Stoll agus Poppy

‘Tá aithne agam ar an bhfear le fada an lá, agus bíonn “overlap”  ann i gcónaí.’

Tá Amanda ag cur clúdach gailf i láthair do CBS Mheiriceá ó 2017, agus í ar cheann de na craoltóirí is mó tóir sa spórt.

Tá sí 38 bliain d’aois agus roimhe sin bhí sí pósta lena páirtí fadtéarmach Bryn Renner.

Cé nár fhógair an lánúin go raibh siad idirscartha go hoifigiúil, bhain Amanda gach tagairt dá sean-sloinne pósta ar a hardáin shóisialta agus teilifíse i mí an Mhárta.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram