Diúltaíodh cead pleanála d’fheirm ghaoithe ollmhór a bhí beartaithe i nGuagán Barra, ceann de na háiteanna is áille in Iarthar Chorcaí, tar éis feachtas dhá bhliain ó mhuintir na háite.
Agus tá an cheist á chur anois: Is í Éire tír foirfe chun feirmeacha gaoithe a thógáil atá go maith don timpeallacht – ach an bhfuil orainn cuid de na suíomhanna is áille le feiceáil ar domhan a scrios le gur féidir iad a thógáil?
Thug an Bord Pleanála cead d’fheirm ghaoithe €30milliún ag Guagán Barra i bhFeabhra 2022, tar éis do Chomhairle Contae Chorcaí í a dhiúltú.
Bheadh seacht dtuirbín suas le 178.5m ar airde mar chuid den fhorbairt phleanáilte, a bheadh le feiceáil ag Guagán Barra.
Dúirt grúpa pobail áitiúil go n-athródh sé sin ‘draíocht agus suaimhneas na háite go deo’.
Sheol an grúpa, Coiste Forbartha Bhéal Átha’n Ghaorthaidh, athbhreithniú breithiúnach ar an gcead a tugadh do Wingleaf Ltd do na tuirbíní gaoithe is mó riamh i gCo. Chorcaí.
Fuair an grúpa tacaíocht freisin ó fheachtas domhanda i gcoinne na feirme gaoithe, le níos mó ná 12,000 duine, ó níos mó ná 40 tír, ag tacú leo.
Rinne an grúpa ceiliúradh i mí Dheireadh Fómhair 2022, nuair a dúirt an Bord Pleanála go nglacfaidís siad leis an Ard-Chúirt an cead a chur ar ceal.
Dhiúltaigh an Bord Pleanála d’iarratas ar chead pleanála Déardaoin, rud a chur deireadh leis an iarracht.
Dúirt Neil Lucey, úinéir an Gougane Barra Hotel agus urlabhraí an ghrúpa: ‘Tá faoiseamh ann anois agus tá brú mór imithe ón gceantar seo. Is iontach an nuacht é.
‘Ceantar thar a bheith galánta é. Bheadh siad ar an imeall theas, ar an sliabh, síos i dtreo Bheanntraí.
‘Is suíomh gleann é agus tá Aireagal (Oratory) Naomh Fionnbarra ann. Is cuid de bhealach turasóireachta é agus is é radharcra Iarthar Chorcaí ar a fheabhas.’
Dúirt an tUasal Lucey go raibh scála an tionscadail ina fhadhb.
‘Nuair a smaoiníonn tú ar 178m, tá tú ag caint faoi cheann de na struchtúir is airde in Éirinn,’ a dúirt sé.
‘Ansin bheifeá á gcur ar an talamh, sé sin os cionn 500m os cionn leibhéal na farraige agus go tobann tá rud éigin ollmhór agat.’
Dúirt sé go raibh feirmeacha gaoithe eile sa cheantar ina bhfoinse sholais agus fuaime truaillithe.
‘San oíche, i sráidbhaile Bhéal Átha an Ghaorthaidh (Ballingeary), tá farraige de shoilse dearga timpeall air,’ a dúirt sé.
‘Tá tionchair eile ann, mar atá ar an bhflóra agus ar an bhfána, agus ar gach rud eile leis.
‘Bheadh sé seo díreach ar bharr an tsléibhe agus bheadh sé le feiceáil ar feadh na mílte agus na mílte thart,’ a dúirt sé.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.