Níl deireadh ag teacht le GAAGO – agus is maith an rud é sin, a deir Marc Ó Sé

20/05/2024

Úsáideann CLG GAAGO chun tacaíocht a thabhairt do chlubanna – ní chuireann daoine i gcoinne brabús ollmhór Sky nó Netflix, mar sin cén fáth agóid a dhéanamh i gcoinne tacaíocht a thabhairt do phobail áitiúla?

Bhí cara liom ag gearán le déanaí faoin gcostas a bhainfeadh le breathnú ar chluiche ar GAAGO.

Agus nuair a d’fhiafraigh mé de an raibh Netflix aige fós, dúirt sé go raibh.

Ní fhéachaimid ar an teilifís ar an mbealach traidisiúnta a thuilleadh, áfach, agus tá sruthú (streaming) mar chuid den saol nua-aimseartha.

Níl aon deacracht ag daoine íoc as Squid Games, ach bíonn daione ar buile mar gheall ar costas ar chluiche ceannais iomána na Mumhan oíche Shathairn.

Níl fadhb ag daoine cur le brabúis cuideachta sruthaithe domhanda, ach is achrann é go n-iarrfaí orthu airgead a íoc a thacaíonn le heagraíocht spóirt neamhbhrabúis Éireannach, leis an  airgead ag dul ar ais don phobal áitiúil.

Marc Ó Sé
Marc Ó Sé

Glactar leis gur cuid den saol Gaelach é CLG agus b’fhéidir gur sin an fáth go mbíonn daoine áirithe ag súil go mbeidh na cluichí saor.

Is deacair a thuiscint, áfach, cén fáth go gceapann daoine ar nós Simon Harris agus Micheál Martin gurb é dualgas an CLG siamsaíocht a thabhairt do dhaoine in aisce, seachas a chuid billí a íoc agus pleanáil a dhéanamh do thionscadail mhóra atá ag teastáil.

Toisc gur anailísí íoctha mé le GAAGO, b’fhéidir go ndéarfadh daoine: ‘Nach sin an rud a ndéarfá!’

Mar sin féin, ní hé sin atá i gceist agam, is ceist loighic é.

Tá uachtarán CLG, Jarlath Burns, tar éis a chur in iúl go soiléir cén fáth a bhfuil GAAGO ann, cén fáth a bhfuil gá leis agus cén fáth nach bhfuil sé ag imeacht.

Is é fírinne an scéil ná, níor chuir CLG oiread cluichí ar teilifís saor go haer riamh roimhe seo ná mar atá ar fáil anois, leis na 35 cluiche atá léirithe; agus sin ar siúl le dhá shamhradh anuas.

D’fhás mé aníos in am nuair nach raibh aon chluichí peile beo ar an teilifís seachas na cluichí leathcheannais agus ceannais na hÉireann.

Níl aon chomhpháirtí meán eile ag CLG ag íoc as cearta, seachas RTÉ; agus tá an sliotán tráthnóna Dé Sathairn líonta ag GAAGO inar taispeánadh cluichí roimhe seo ag Sky Sports ar chostas.

Cáineadh an córas sin freisin, ach is cosúil go gcuireann sé as do dhaoine anois go dtéann go leor den bhrabús GAAGO díreach chuig an CLG.

Dúirt Jarlath Burns, áfach, gur chosain sé thart ar €40 milliún foirne idirchontae a ullmhú ag gach leibhéal.

Is í an fhírinne ná go gcosnaíonn sé airgead chun cluichí a chur ar aghaidh, mar sin cén fáth nár cheart do dhaoine íoc as féachaint orthu?

Agus ní chosnaíonn pas séasúr do 38 cluiche ach €2 an cluiche, nó dóibh siúd atá ag iarraidh féachaint ar chluichí ar leith, is féidir trí chluiche a cheannach ar €24 agus cosnaíonn cluiche amháin €12.

Agus é sin ar fad á rá agam, glacaim leis go bhfuil fadhbanna ann le GAAGO.

Tá an pointe déanta nach bhfuil leathanbhanda (broadband) maith ar fáil i ngach áit, go háirithe faoin tuath in Éirinn.

Ní ceist CLG í sin, áfach, is ceist Rialtais í.

Ina theannta sin, murab ionann agus Sky, cuirtear GAAGO ar fáil saor in aisce d’ospidéil agus do thithe altranais.

Is é fírinne an scéil go gcuirtear an t-airgead a dhéanann an CLG ar ais i measc an phobail.

Jarleth Burns
Jarleth Burns

Ar ndóigh, tuigeann muid cad atá i gceist le lucht tacaíochta Chorcaí, a bhfuil orthu íoc as trí chluiche, agus a gcluiche peile in aghaidh Chiarraí mar cheann daoibh.

Ach is beag ciall é a rá gur cheart do na cluichí móra ar fad, mar an chluiche iomána Luimnigh in aghaidh Chorcaigh, Dé Sathairn seo caite, a bheith saor. Ní bheadh ciall ar bith ag baint le sin i dtaobh tráchtála GAAGO.

Cinntítear go mbeidh na cluichí is mó ar fad saor in aisce ar an aer – cluichí leathcheannais agus cluichí ceannais na hÉireann. Agus tá go leor cluichí móra á dtaispeáint ar an teilifís.

Moladh amháin ná go bhféadfaí cluichí ceannais peile na Mumhan agus Laighean a imirt ar an Satharn, rud a cheadódh sárchluiche iomána a thaispeáint ar RTÉ Dé Domhnaigh.

Is rud é sin a bhféadfadh an CLG breathnú air, ach mar a dúirt Jarlath Burns, níl aon dul ar ais. Níor cheart go mbeadh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: SPÓRT

no posts found
© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram