CLUICHÍ CLG: Ceisteanna cosanta do Ghaillimh agus do Dhoire araon

17/05/2024

An mbeidh captaen na Gaillimhe ag imirt lánchúlaí agus an bhfanfaidh cúl báire Dhoire ina chúil?

Imreoidh Gaillimh in aghaidh Dhoire Dé Sathairn agus beidh lucht leanúna na Gaillimhe ag iarraidh a fháil amach cá dtosóidh an captaen Seán Kelly.

Ag an am céanna beidh imní ar lucht leanúna Dhoire agus iad ag iarraidh a fháil amach an mbeidh a chúil á chosaint i gceart.

Seán Kelly
Seán Kelly

Ar cheart do Padraic Joyce, bhainisteoir na Gaillimhe, Kelly a bhaint den líne leath-tosaí – áit ar thosaigh sé i gcluiche ceannais Chonnacht in aghaidh Mhaigh Eo – agus é a thabhairt ar ais mar lánchúlaí?

  D’fhéadfadh Kelly imirt áit ar bith, bíodh sé sin ina ionsaí nó ina chosaint.

Nuair a thug Gaillimh aghaidh ar Dhoire dhá bhliain ó shin, sa chath do Sam Maguire, ba é Damien Comer an laoch nuair a scóráil sé dhá chúil agus dhá chúilín.

Mar sin féin, tugadh faoi deara scileanna Kelly sa chluiche freisin.

Sa chluiche roimhe sin bhí 1-8 scóráilte ag Shane McGuigan ach tar éis dó iarracht a dhéanamh imirt in aghaidh Kelly ní bhfuair McGuigan ach trí phointe  – agus dhá cheann acu ó chiceanna saora.

Idir an dá linn áitíonn cosantóir Dhoire, Pádraig McGrogan, nach dtréigfidh a fhoireann a mbeartaíocht ‘sweeper keeper’ in aghaidh na Gaillimhe.

Theip go dona ar ról Odhrán Lynch ag rith chun tosaigh i gcoinne Dhún na nGall an mhí seo caite.

Scóráladh trí cinn de na ceithre chúil ina gcoinne nuair a bhí Lynch as a chúl.

Odhrán Lynch le fadhb de Dhoire
Odhrán Lynch le fadhb de Dhoire

Ach dúirt McGrogan, nach n-imreoidh an chuid eile den séasúr toisc go bhfuil sé gortaithe, gur cheart do na himreoirí ar fad a bheith freagrach as sin.

Dúirt sé: ‘Ní mór dúinn oiriúnú (adapt), táimid ciallmhar go leor anois. Nuair nach raibh rudaí ag obair níor athraigh muid an tactic ar chor ar bith agus sin an fhadhb a bhí againn.’

Ní chreideann McGrogan go dtréigfidh Mickey Harte an cleachtas ach is dócha go mbeidh sé níos cúramaí faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm é.

Dúirt sé: ‘Tá go leor buntáistí ag baint leis nuair atá ag éirí go maith leis. Níl le déanamh againn ach cúpla rud a chur in oiriúint.’

Na cluichí móra an deireadh seachtaine seo

Dé Sathairn  

Peil na bhFear Sinsear  

An Clár v Corcaigh 6pm 

Gaillimh v Doire 5.30pm – GAAGO 

Maigh Eo v An Cabhán 5pm 

Ciarraí v Muineachán 3pm – GAAGO 

Iománaíocht Sinsear Laighean 

Áth Cliath v Cill Chainnigh 6pm – GAAGO 

Aontroim v Gaillimh 2pm 

Cluiche Ceannais Peile Sinsear na mBan Mumhan 

Corcaigh v Ciarraí 4pm – YouTube TG4 

Dé Domhnaigh 

Iománaíocht Sinsear Mumhan 

Tiobraid Árann v Corcaigh 4pm – RTE 

An Clár v Port Láirge 2pm – RTE 

Iománaíocht Sinsear Laighean 

Ceatharlach v Loch Garman 3pm 

Cluiche Ceannais Peile Faoi-20  

Tír Eoghain v Ciarraí 1pm – TG4 

Cluiche Ceannais Peile Sinsear na mBan Uladh 

Ard Mhacha v Dún na nGall 3.30pm – YouTube TG4 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: SPÓRT

no posts found
© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram