Tarraingíodh cluichí CLG do Chraobh Pheile na hÉireann agus Corn Tailteann, agus feictear go mbeidh roinnt cluichí suimiúla ann. Ach beidh níos mó eolas againn tar éis Dé Domhnaigh.
Beidh dhá chluiche mhóra sa pheil ar an Domhnach seo, 5 Bealtaine. Beidh cluiche ceannais na Mumhan idir an Clár agus Ciarraí in Inis ag 1.45pm agus beidh cluiche ceannais Chonnacht idir Gaillimh agus Maigh Eo i bPáirc an Phiarsaigh ag 4pm. Beidh an dá chluiche ar RTÉ.
Cé go bhfuil Ciarraí agus Áth Cliath tagtha i dtír i ngrúpaí níos éasca, beidh buaiteoirí an chluiche idir Gaillimh agus Maigh Eo sa ghrúpa is deacra, in éineacht le Doire.
In a dhiaidh sin, beidh Seaimpíní an Sam Maguire, Baile Áth Cliath, ag lorg bua eile chun dhá bhua as a chéile a bhaint amach don chéad uair ó 2020 agus iad ag dul i gcoinne foirne láidre sa pheil mar leithéidí Chiarraí agus Dhoire.
Agus i gCorn Tailteann, ceaptar go mbeidh Cill Dara le bheith ar an bhfoireann is láidre tar éis dóibh imeacht díomách as Cúige Laighean nuair a bhí an bua ag Lú ina gcoinne.
Mar sin féin, beidh ar imreoirí Glenn Ryan feabhsú má tá siad le teacht ar an mbarr.
Seo iad na sonraí ar fad don bheart CLG atá le teacht:
Réimniú (Seed): 1/2: Ciarraí, An Clár, Gaillimh, Maigh Eo, Ard Mhacha, Dún na nGall, Áth Cliath, Lú.
Réimniú 3: Doire, Tír Eoghain, Ros Comáin, Muineachán.
Réimniú 4: An Cabhán, Corcaigh, An Mhí, An Iarmhí.
Réimniú 1: An Dún, Cill Dara, Fear Manach, Sligeach
Réimniú 2: Aontroim, Uíbh Fhailí, Laois, Liatroim
Réimniú 3: Cill Mhantáin, Luimneach, Loch Garman, Longfort
Réimniú 4: Ceatharlach, Tiobraid Árann, Port Láirge, Londain
Grúpa 1: Seaimpíní Chonnacht (Gaillimh/Maigh Eo), tánaistí (runners-up) Uladh (Ard Mhacha/Dún na nGall), Doire, An Iarmhí
Grúpa 2: Seaimpíní Laighean (Baile Átha Cliath/Lú), tánaistí (runners-up) Chonnacht (Maigh Eo/Gaillimh), Ros Comáin, An Cabhán
Grúpa 3: Seaimpíní Uladh (Ard Mhacha/Dún na nGall), tánaistí (runners-up) na Mumhan (Ciarraí/An Clár), Tír Eoghain, Corcaigh
Grúpa 4: Seaimpíní na Mumhan (Ciarraí/an Clár), tánaistí (runners-up) Laighean (Baile Átha Cliath/Lú), Muineachán, An Mhí
Babhta 1: 18/19 Bealtaine
Babhta 2: 25/26 Bealtaine
Babhta 3: 1/2 Meitheamh
Cluiche Réamh Ceathrú Ceannais: 22/23 Meitheamh
Grúpa 1: Cill Dara, Liatroim, Longfort, Port Láirge
Grúpa 2: Sligeach, Aontroim, Loch Garman, Tiobraid Árann
Grúpa 3: Fear Manach, Laoise, Cill Mhantáin, Ceatharlach
Grúpa 4: An Dún, Uíbh Fhailí, Luimneach, Londain
Cluichí Chorn Tailteann
Babhta 1: 11/12 Bealtaine
Babhta 2: 18/19 Bealtaine
Babhta 3: 1/2 Meitheamh
Cluichí Réamh Ceathrú Ceannais: 8/9 Meitheamh
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.