Aha! An é seo an fíorchúis nár theastaigh ó Lee Carsley a bheith ina bhainisteoir ar Éirinn?

01/05/2024

Meastar gurb é Carsley an chéad bhainisteoir eile i Sasana – ach an mbeidh Southgate mar an chéad bhainisteoir eile ar Manchester United?

Tá bainisteoir fhoireann faoi-21 Shasana, Lee Carsley, tar éis teacht chun cinn go tobann mar an duine a cheaptar a mbeidh in ionad Gareth Southgate mar bhainisteoir na foirne sinsear sa tír sin.

Bhí Carsley ar cheann de na hiarrthóirí ba mhó chun teacht mar chomharba (successor) ar Stephen Kenny mar bhainisteoir na hÉireann, agus tuairiscíodh go raibh suim aige sa ról ag dul siar go dtí an samhradh seo caite.

D’imir Carsely peil d’Éirinn agus is as Corcaigh a sheanmháthair, ach is as Birmingham é féin.

Gareth Southgate
Gareth Southgate

Dúirt sé nach mbeadh sé ag glacadh leis an bpost mar bhainisteoir na hÉireann i mí an Mhárta, agus ó shin i leith tá an FAI ag streachailt le duine a aimsiú don phost.

Tá sé ráite acu anois nach roghnóidh siad bainisteoir nua go dtí mí Mheán Fómhair.

Murab ionann agus Éire, tá bainisteoir fós ag Sasana ach d’fhéadfadh athrú a bheith ann sula n-imreoidh an dá thír in aghaidh a chéile i Sraith na Náisiún (Nations League) i gceithre mhí.

Tá Southgate, atá 53 bliain d’aois, i gceannas ar Shasana ó 2016 agus tháinig sé gar do scor tar éis Chorn an Domhain 2022.

Mairfidh a chonradh le FA Shasana go dtí Euro 2024, an samhradh seo – agus tá sé fiú ainmnithe mar iarrthóir le bheith ina bhainisteoir nua ar Manchester United.

Lee Carsley
Lee Carsley

Dá bharr sin, tá na geallghlacadóirí ag rá anois gurb é Carsley an fear is dóichí a bheidh ina chéad bhainisteoir eile ar Shasana, ar 7/4.

Tá 40 cluiche imeartha ag Carsley d’Éirinn ach tá sé ina bhainisteoir ar fhoireann Faoi 21 Shasana ó 2021, agus chabhraigh sé leis an bhfoireann bua Faoi 21 na hEorpa a fháil an samhradh seo caite.

Dúirt urlabhraí do chuid BetVictor: ‘Is cosúil go bhfuil an débhríocht (ambiguity) a bhaineann le poist bhainistíochta Shasana agus Manchester United fite fuaite le seachtainí beaga anuas, agus tuairiscítear go bhfuil Lee Carsley ag brú ar son ról Gareth Southgate mar cheannasaí Shasana.

‘Is é Carsley an duine is dóichí a thiocfaidh in áit Gareth Southgate anois.’

Tá Graham Potter agus Eddie Howe ainmnithe freisin.

Beidh foireann na hÉireann míosa, le cluiche cairdiúil in aghaidh na hUngáire ar an 4 Meitheamh agus turas chuig an bPortaingéil ina dhiaidh sin ar an 11 Meitheamh.

An tseachtain seo caite, dheimhnigh an FAI go mbeidh John O’Shea ina bhainisteoir eatramhach arís don dá chluiche sin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram