Gortuithe CLG: Drochscéal d’iománaithe Luimnigh – ach tá dea-scéal ag peileadóirí Chiarraí

30/04/2024

Tá sé deimhnithe ag CLG Luimnigh go bhfuil rúitín briste ag a réalta Peter Casey, ach tá faoiseamh ar pheileadóirí Chiarraí go bhfuil a gcuid réaltaí gortaithe ag teacht ar ais

Tá sé deimhnithe ag CLG Luimnigh gur fhulaing Peter Casey rúitín briste ina mbua ar Thiobraid Árann agus go rachaidh sé faoi obráid sna laethanta amach romhainn.

Gortaíodh Casey go dona agus é ag scóráil an dara cúl do sheaimpíní na hÉireann ina mbua 15 phointe.

Tar éis dó a bheith sínte ón bpáirc, tugadh Casey, atá 27 bliain d’aois, go hOspidéal na hOllscoile, Luimneach, le CLG Luimnigh ag deimhniú tráthnóna go mbeadh obráid ag teastáil ón imreoir, rud a chuirfidh deireadh leis ar feadh an chuid eile den séasúr idirchontae.

Jack O'Connor
Jack O’Connor

‘Tar éis scanadh (scan), is féidir linn a dheimhniú gur fhulaing Peter rúitín briste agus tá obráid ag teastáil uaidh sna laethanta amach romhainn,’ a dúirt CLG Luimnigh.

‘Ba mhaith le bord contae/foireann bainistíochta sinsear iomána Luimnigh gach rath a ghuí ar Peter ina théarnamh agus cinnteoimid go bhfaighidh sé an cúram is fearr sna seachtainí atá romhainn, agus ina dhiaidh, agus é ag tosú ar an aistear chuig téarnamh iomlán.’

Idir an dá linn, tá dea-scéala ann maidir le gortú i gCiarraí. Tá an bainisteoir Jack O’Connor ag rá go bhfuil na cosantóirí Jason Foley agus Brian Ó Beaglaoich ar ais ag traenáil, agus gur cheart go mbeidís ar fáil go luath.

Fuair Foley gortú rúitín i gcluiche leathcheannais na Sraithe Allianz i Ros Comáin, agus bhí fadhb ag Ó Beaglaoich lena colpa (calf) le fada an lá. Mar sin féin, ní dócha go mbeidh Dylan Geaney i láthair don chluiche an aghaidh chontae an Chláir.

Dúirt O’Connor: ‘D’imir Brian cluiche lena chlub an deireadh seachtaine de chluiche Chorcaí, mar a rinne cúpla leaids eile.

‘Tá an chuid is mó acu, chomh maith le Jason, ar ais ag traenáil. Aon duine atá ag traenáil, déanfaimid measúnú orthu i rith na seachtaine, tá dhá sheisiún oiliúna eile le dul, agus feicfimid ansin.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram