Labhair Bryan Dobson faoina shláinte phearsanta féin agus é ag fágáil Nuacht RTÉ.
Tá an craoltóir nuachta móréilimh, atá ag obair le Nuacht RTÉ le breis agus 37 bliain, ag éirí as Nuacht ag a hAon ar RTÉ Raidió a hAon an tseachtain seo.
D’fhógair Dobson i mí Eanáir go mbeidh sé ag éirí as RTÉ i mí na Bealtaine, agus a chlár deiridh á chraoladh Dé hAoine seo, 3 Bealtaine.
Ó bhog sé ón teilifís chun díriú ar an nuacht a chur i láthair ar an raidió, tá athrú fisiceach tagtha ar Bryan – agus tá cuma níos fearr air mar gheall ar sin.
Le blianta beaga anuas chinn sé athrú a dhéanamh ar a stíl maireachtála tar éis coinne dochtúra (doctor’s appointment).
‘Tá trí nó ceithre chloch caillte agam toisc go ndúirt an dochtúir teaghlaigh go raibh mé róthrom agus i mbaol mór diaibéiteas agus galar croí,’ a dúirt Dobson.
‘Chuaigh mé chuig bia-eolaí (dietician) ina dhiaidh sin a d’inis dom na rudaí ba cheart a dhéanamh, rud a bhí go bunúsach, sé sin níos lú a ithe.
‘Ní raibh sé róchasta. Laghdaigh mé codanna (portions), d’ith mé níos mó glasraí agus sailéid, agus stop mé ag sneaiceanna idir béilí.
‘Dul chun cinn mall agus seasta a bhí ann le timpeall dhá bhliain anuas,’ a dúirt sé leis an RTÉ Guide.
Cé gur dhírigh Dobson ar a réim bia a athrú, tá sé ag dul i mbun níos mó aclaíochta freisin.
Mhínigh sé: ‘Ní dhéanaim mórán aclaíochta ach amháin rothaíocht agus fánaíocht (hiking) ach tá níos mó fuinnimh agam. Creidim freisin nach n-imoibríonn meitibileacht (metabolism) go leor daoine mar a ndéanann mo cheann féin, agus tá an t-ádh orm.
‘Go deimhin, dúirt cara liom “go bunúsach is fear tanaí tú a thit chun feola (got fat)” agus b’fhéidir gurb é sin a tharla.’
Agus é ar scor ó chraoltóireacht, tá Dobson, arb as Baile Átha Cliath dó, tar éis a fháil amach le cúpla mí anuas cé chomh mór is atá a chuid oibre i smaointe an phobal.
‘Tá sé tugtha faoi deara agam ón bhfógra faoi mo scor, go raibh rud éigin i gceist ag daoine toisc go raibh mé ann ar feadh na mblianta sin.
‘Níor smaoinigh mé air mar sin; maidir liom féin, ní raibh i gceist leis ach dul ag obair gach lá agus mo chuid oibre a dhéanamh, díreach mar a bhí ag gach duine eile,’ a dúirt sé.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.