Bhí an t-iar-Thaoiseach Leo Varadkar faoi lánseol íde béil agus é ag iarraidh a scíth a ligean le caife i mBaile Átha Cliath.
Scannánaíodh an tUasal Varadkar agus cara leis ina suí amuigh faoin spéir ar Shráid Lennox i Portobello i mBaile Átha Cliath, nuair a stop carr a bhí ag dul thart ar an tsráid.
Ar an bpíosa scannáin atá ar líne, a bhfuil an chuma air go ndearnadh scannánú ar fhón póca taobh istigh den charr, is féidir fear agus bean a chloisteáil ag béicíl go Varadkar.
Tugtar ‘traitor to the Irish people’ agus ‘a scumbag’ ar iarcheannaire Fhine Gael.
Is féidir glór baineann a chloisteáil ansin ag rá ‘Níl a fhios agam conas is féidir leat codladh na hoíche?’
Úsáideann an fear sa charr ansin focal homafóbach chun cur síos a dhéanamh ar Varadkar, a fhanann thar a bheith socair le linn na heachtra suaite.
Bhí tacaíocht do Varadkar ar líne, agus duine amháin ag scríobh: ‘Ní aon ionadh gur shocraigh sé éirí as. Níor cheart go mbeadh ar éinne déileáil leis an gcineál sin íde béil.’
D’fhiafraigh duine eile: ‘Caithfidh muid dlíthe a thabhairt isteach chun an t-iompar seo a ionchúiseamh (prosecute). Cén fáth a gcuirtear suas leis?’
Agus scríobh duine eile: ‘Tá sé seo uafásach. Níor cheart go mbeadh ar éinne cur suas le híde béil as a gcuid oibre a dhéanamh.’
Ag labhairt dó i mí an Mhárta, tar éis dó a fhógairt go raibh sé ag éirí as mar Thaoiseach, dúirt Varadkar nach raibh an masla a fuair sé ó dhaoine áirithe ina mhórchúis lena chinneadh.
Dúirt sé, áfach, go bhfuil méadú tagtha ar leibhéal na tocsaineachta (toxicity) sa saol poiblí le cúig nó deich mbliana anuas.
‘Thuig mé i gcónaí sa pholaitíocht nuair a ghreamaíonn tú pictiúr díot féin ar chuaillí lampa, nuair a bhuaileann tú ar dhoirse daoine gan réamhfhógra, nuair a thógann tú seastáin ar rudaí, go mbeidh tú faoi réir leibhéal áirithe íde béil,’ dúirt sé.
‘Is í an tocsaineacht an téarma is maith le daoine a úsáid atá méadaithe.
‘Is cinnte go bhfuil sé méadaithe le cúig nó deich mbliana anuas – ní hamháin mar gheall ar na meáin shóisialta, dála an scéil, freisin mar gheall ar a lán ciniceas (cynicism) sna meáin chomh maith, rud a cheapaim gur gá labhairt faoi freisin.
‘Ach ní rud mór é domsa. Tá craiceann tiubh agam,’ a dúirt sé.
Chuaigh ExtraG.ie i dteagmháil le hoifig an Uasail Varadkar chun tuairimí a fháil.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.