Tá comharthaí ‘dóchasach’ ann maidir le comhaontú síochána do Gaza le teachtaí ó Hamas ag rá go bhfillfidh siad ar an Éigipt le ‘freagra’ ar an togra is déanaí.
Tar éis beagnach seacht mí de choimhlint in Gaza, dúirt Rúnaí Stáit Antony Blinken as na Stáit Aontaithe go bhfuil sé ‘dóchasach’ go nglacfaidh Hamas leis an tairiscint (offer) a bhfuiltear ag súil go scaoilfear na mílte príosúnach Palaistíneacha.
Le sin bheadh sos cogaidh 40 lá mar mhalairt ar ghiall a scaoileadh saor agus an t-ionchas go gceadófar teaghlaigh easáitithe ar ais go dtuaisceart Gaza.
Deirtear go bhfuil foclaíocht nua i gceist leis freisin maidir le héileamh Hamas ar shos cogaidh buan a shásamh.
Dúirt foinse i Hamas: ‘Tá fonn orainn freagra a thabhairt chomh tapa agus is féidir.’
Le míonna anuas, tá daoine ón Éigipt, Catar agus na Stáit Aontaithe ag iarraidh comhaontú nua a shocrú idir Hamas agus rialtas Iosrael.
Le linn sos cogaidh ghairid i mí na Samhna, a mhair seachtain, malartaíodh 80 giall Iosraelach ar 240 Palaistíneach a bhí á gcoimeád i bpríosúin Iosrael.
Ba chosúil go raibh an taidhleoireacht le cúpla lá anuas ag moladh brú nua chun stop a chur leis an troid.
Tá eagla faoi ghorta in Gaza, a deir na Náisiúin Aontaithe agus grúpaí cúnaimh dhaonnúla agus tá go leor foirgneamh scriosta, le faitíos roimh choimhlint réigiúnach níos leithne.
Níos luaithe an mhí seo, dhiúltaigh Hamas do thogra Iosraelach le haghaidh sos cogaidh sé seachtaine agus scaoileadh 40 bean, leanbh agus gialla scothaosta nó breoite mar mhalairt ar na céadta príosúnach Palaistíneacha.
Dúirt Hamas go raibh sé ag cloí lena chuid éileamh ar shos cogaidh bhuan as a dtiocfadh tarraingt siar iomlán trúpaí Iosrael as Gaza agus aistarraingt Palaistíneach easáitithe chuig a dtithe.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.