Cuir uait an duvet más mian leat codladh maith san oíche

Is é an bealach is fearr chun codladh maith a fháil ná dul faoi phluid throm (heavy blanket)

Is é an bealach is fearr chun codladh maith a fháil san oíche ná pluid throm – in ionad duvet éadrom

Deir eolaithe go spreagann pluideanna troma (heavy blankets) scaoileadh ceimiceán san inchinn a chabhraíonn linn mothú go maith.

Tá sé seo amhlaidh toisc go n-imoibríonn ár gcoirp do bhrú na pluideanna mar a dhéanfaidís le barróg (cuddle).

Léiríonn tástálacha go gcuireann sé seo giúmar níos fearr orainn ar maidin – agus go laghdaíonn sé cásanna dúlagair (depression) agus imní.

‘D’fhéadfadh pluideanna troma a bheith ina idirghabháil shábháilte agus éifeachtach le haghaidh insomnia agus cuir isteach codlata éagsúla, le níos lú fo-iarmhairtí (side effects) ná teiripe drugaí,’ a deir taighdeoirí.

Rinne siad anailís ar shonraí ó staidéir ar phluideanna troma mar chóireáil (treatments) le haghaidh codlata agus neamhoird eile, mar iarracht chun meicníochtaí taobh thiar d’fhadhbanna codlata a thuiscint.

Is féidir le endorphins agus dopamine ráta croí a laghdú agus matáin (muscles) a scíth a ligean, rud a d'fhéadfadh codladh a fheabhsú
Is féidir le endorphins agus dopamine ráta croí a laghdú agus matáin (muscles) a scíth a ligean, rud a d’fhéadfadh codladh a fheabhsú

Bhí codladh níos fearr agus bhí níos lú cásanna de phian ainsealach (chronic) mar thoradh ar luí faoi pluid throm, dar le néareolaithe (neurologists) ag Ospidéal Ollscoile Zhejiang sa tSín.

Ní léir cé chomh mór agus a bhíonn éifeacht chomh drámata ag pluideanna troma.

Teoiric amháin is ea gur féidir le teagmháil agus brú pluid trom ar an gcraiceann deirí nerve céadfacha (sensory nerve endings) a spreagadh.

Tugann na taighdeoirí le fios go ngníomhódh sé seo an néarchóras (nervous system) ‘parasympathetic’, a bhfuil éifeacht shuaimhneach aige.

Méadaíonn sé freisin táirgeadh na ‘endorphins’ agus na pianmhúcháin (painkillers) an cholainn (body) féin, agus neartaíonn sé leibhéil ‘dopamine’ agus ‘serotonin’, ceimiceáin inchinn a bhfuil baint acu le rialáil neamhoird (disorders) giúmar.

Is féidir le endorphins agus dopamine ráta croí a laghdú freisin agus matáin (muscles) a scíth a ligean, rud a d’fhéadfadh codladh a fheabhsú agus insomnia a theorannú.

Féadfaidh spreagadh na néarcheanna (nerve endings) scaoileadh ‘melatonin’ a spreagadh freisin, an hormón a bhfuil ról lárnach aige in am codlata.

Méadaíonn an cholainn leibhéil melatonin go nádúrtha san oíche chun cabhrú le codladh, agus úsáideann dochtúirí forlíontaí (supplements) atá bunaithe ar an hormone chun insomnia a chóireáil.

Deir na néareolaithe: ‘D’fhéadfadh na pluideanna cáilíocht codlata a fheabhsú agus mothúcháin dhiúltacha agus comharthaí lae a mhaolú in othair le neamhoird codlata, neamhord hipirghníomhaíochta (hyperactivity) easnamh aird agus neamhoird eile.’

Mar sin féin, de réir an staidéir, a foilsíodh in Frontiers in Psychiatry, tá tuilleadh taighde ag teastáil.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram