Is briseadh croí é bá (drowning) buachaill, 7 mbliana d’aois, i linn snámha óstáin, a deir an Taoiseach 

21/04/2024

Tá pobal i sráidbhaile sa Chlár trína chéile agus i mbrón i ndiaidh bhás buachaill óg áitiúil 

Tá sé ráite ag an Taoiseach gur ‘briseadh croí’ é bás buachaill, a bhí seacht mbliana d’aois, i linn snámha in óstán sa Chlár. 

Bádh Shay Lynch, as an sráidbhaile Cluain Lára (Clonlara), Co an Chláir, agus é ag ceiliúradh breithlá cara. 

Fuair sé bás in Óstán an Lakeside i gCill Dá Lua (Killaloe) tráthnóna Dé Sathairn. 

Shay Lynch
Shay Lynch

I ráiteas ar X, tráthnóna Dé Domhnaigh, dúirt an Taoiseach, Simon Harris: ‘Tá a fhios agam go bhfuil daoine ar fud na hÉireann ag coinneáil an teaghlaigh seo agus pobal Chluain Lára i gCo. an Chláir ina gcuid smaointe agus paidreacha ag am chomh brónach agus deacair.’ 

Maireann tuismitheoirí agus deirfiúr níos sine an buachaill móréilimh, a d’fhreastail ar Scoil Seanáin Naofa, Chluain Lára. 

Is conraitheoir tógála (building contractor) aitheanta é a athair agus tá a mháthair ina rúnaí scoile sa scoil náisiúnta áitiúil. 

Tá fiosrúchán gardaí agus imscrúdú de chuid an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta (Health and Safety Authority) seolta in iarracht fáil amach cad go díreach a tharla. 

I ráiteas ó cheanncheathrú na ngardaí dúirt siad gur cuireadh na seirbhísí éigeandála ar an eolas faoin eachtra go gairid roimh 3pm Dé Sathairn. 

Fanfaidh an club fóillíochta (leisure club) ag an Lakeside Hotel dúnta i rith na laethanta amach romhainn, de réir post ón óstán ar a meáin shóisialta. 

Dúirt an post: ‘Tá ár bpaidreacha agus ár gcomhbhrón ó chroí leis an teaghlach, cairde agus iad siúd a raibh aithne acu ar an mbuachaill óg a fuair bás tar éis timpiste thragóideach inár linn snámha inné. 

‘Ár mbuíochas ó chroí lenár ngardaí tarrthála, baill na foirne agus na seirbhísí éigeandála a rinne a ndícheall chun freagairt don eachtra seo. 

‘Mar chomhartha measa, fanfaidh ár n-ionad fóillíochta dúnta ar feadh na laethanta amach romhainn.’ 

Imscrúdú tar éis bás buachaill
Imscrúdú tar éis bás buachaill

Tugadh an buachaill go hOspidéal na hOllscoile, Luimneach agus fógraíodh marbh é tamall ina dhiaidh sin. 

Chuir an Comhairleoir Neamhspleách áitiúil Michael Begley a chomhbhrón in iúl do theaghlach agus dá chairde an bhuachalla. 

Dúirt comhairleoir áitiúil Fhianna Fáil, Tony O’Brien, go raibh ‘scamall fíor dorcha ar an bpobal’ as an eachtra. 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram