

Aistarraing an comhlacht uachtar reoite Magnum táirge a bhfuil an-tóir air, ó shiopaí Éireannacha. Dúirt siad go bhfuil seans ann go bhfuil ‘píosaí plaisteacha agus miotail’ ann.

Agus tá aistarraingt phráinneach eisithe ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (Food Safety Authority of Ireland, FSAI) ar bhaisceanna sonracha (specific batches) d’uachtar reoite Magnum Almond mar gheall ar an rabhadh.
Is ábhar imní é an ‘Multipack Magnum Almond Ice Cream 3 x 100ml’, a tháinig ón mBreatain ó dhúchas.
‘Iarrtar ar mhiondíoltóirí (retailers) na baisceanna bainteacha a bhaint den díolachán agus fógraí aistarraing a thaispeáint ag an bpointe díola,’ a dúirt an FSAI le siopaí a d’fhéadfadh a bheith ag díol an t-uachtar reoite.
Is iad seo a leanas na baisceanna lena mbaineann an foláireamh, leis an dáta ‘best before’ de 12/2025: L3338, L3339, L3340, L3341, L3342.
Tá an FSAI ag moladh dóibh siúd a bhfuil an táirge sin acu ‘gan na baisceanna bainteacha a ithe’.
Tagann an aistarraing faoi Fholáireamh Chatagóir a hAon.
Ciallaíonn sé sin go bhfuil gníomh á dhéanamh ag an FSAI agus iad ag eisiúint foláireamh bia do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe agus do dháileoirí bia agus do mhiondíoltóirí.

Is é an aistarraing Magnum Almond an dara ceann a d’eisigh an FSAI i mí do tháirge uachtar reoite Magnum.
Ar 29 Márta, thug an FSAI rabhadh do thomhaltóirí (consumers) go raibh baisceanna den ‘Multipack Magnum Classic Ice Cream 3x 100ml’ á athghairm le haghaidh saincheist chomhchosúil.
Bhí na baisceanna roimhe seo á n- aistarraingt mar gheall ar ‘láithreacht féideartha píosaí miotail’.
Ba iad na baisceanna a ndearnadh sin: L3324, L3325, L3326, L3327 agus L3328, le dáta ‘best before’, 11/2025.
‘Iarrtar ar mhiondíoltóirí na baisceanna bainteacha a bhaint den díolachán agus fógraí aistarraingt a thaispeáint ag an bpointe díola,’ a dúirt an FSAI maidir leis an táirge ‘Magnum Classic’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.