Rabhadh faoi Listeria: Ná hith na bianna seo, tabhair ar ais iad, a deir FSAI

04/09/2024

D’eisigh an FSAI fógra chun pacáistí áirithe feola a thabhairt ar ais

Tá fógra aistarraing(recall notice) eisithe ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (Food Safety Authority of Ireland, FSAI) maidir le liamhás (ham) pacáistithe cócaráilte, ‘hazlett’ agus mairteoil leasaithe (corned beef).

Chuir an FSAI an fógra aistarraingamach an tseachtain seo ar bhia ón gcuideachta Dale Meats.

Áirítear leo liamhás slisnithe (sliced) cócaráilte, hazlett agus mairteoil leasaithe slisnithe.

Tá an rabhadh mar gheall ar láithreacht féideartha (possible presence) Listeria monocytogenes.

FSAI Irish RGB scaled
Rabhadh faoi Listeria ón FSAI

Iarrtar ar mhórdhíoltóirí (wholesalers) agus ar dháileoirí (distributors) teagmháil a dhéanamh lena gcustaiméirí agus treoir a thabhairt dóibh.

Ba chóir dóibh a rá lena custaiméirí an feoil bainteacha a thabhairt ar ais, agus ba chóir dóibh fógra aistarraing a chur san áit a mbíonn an bia á dhíol.

Dúirt an FSAI ‘nár cheart d’lónadóirí (caters) baisceanna bainteacha a úsáid’.

Iarradh ar mhiondíoltóirí na baisceanna bainteacha a bhaint den díolachán, agus fógra aistarraing a thaispeáint ag an áit a ndíolann siad a gcuid feola.

Agus dúirt an FSAI do thomhaltóirí (consumers) gan na feolta a ithe nó iad a thabhairt do bhaill dá dteaghlach.

dale meats recall 1

I measc na bhfeoil ó Dale Meats a bhfuil tionchar orthu tá:

● Liamhás slisnithe cócaráilte (paicéad 125g agus 250g);

● ‘Hazlett’ (paicéid 125g, 250g agus 400g);

● Mairteoil leasaithe slisnithe (paicéid 125g, 250g agus 400g).

NÓTA: Beidh spriocdháta díola (use-by-date) acu suas go dtí an 27/09/2024 agus an dáta sin san áireamh.

Tá tionchar freisin ar liamhás gammon (meáchain inathraithe); leath gammons (meáchain inathraithe); liamhás slisnithe bruite (500g agus paicéid 1kg); liamhás cócaráilte (meáchain inathraithe); ‘hazlett’ (meáchain inathraithe); leath ‘hazlett’ (meáchain inathraithe); ‘hazlett’ slisnithe (meáchain inathraithe) agus slisnithe mairteoil leasaithe (meáchain inathraithe).

I measc na n-ionfhabhtuithe (infections) a d’fhéadfadh a bheith ar Listeria monocytogenes tá comharthaí éadroma cosúil le fliú nó comharthaí gastraistéigeacha amhail masmas (nausea), urlacan (vomiting) agus buinneach (diarrhoea).

I roinnt cásanna neamhchoitianta, is féidir leis an ionfhabhtú a bheith níos déine agus deacrachtaí tromchúiseacha a chur faoi deara.

Tá mná torracha, leanaí agus daoine a bhfuil córais imdhíonachta lagaithe acu – lena n-áirítear daoine scothaosta – níos leochailí don ionfhabhtú.

Dúirt an FSAI: ‘Is é an tréimhse ghoir (an t-am idir an t-ionfhabhtú tosaigh agus na hairíonna tosaigh) ná trí seachtaine ar an meán ach féadfaidh sé a bheith idir trí agus 70 lá.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram