Ba cheart cosc a chur ar phaisinéirí bus agus traenach a bhíonn maslach nó foréigneach arís agus arís eile, a deir oifigigh cheardchumainn.
Chuala Coiste Iompar an Oireachtais (Transport Committee) ó oibrithe iompair phoiblí a thuairiscigh mí-úsáid laethúil agus iompar frithshóisialta (antisocial) i lámha paisinéirí.
D’iarr siad freisin go mbunófaí seirbhís phóilíneachta le haghaidh lucht iompair.
Dúirt tiománaithe go mbíonn paisinéirí ag instealladh (injecting) drugaí go hoscailte ar bhusanna agus ar thraenacha.
Dúirt siad nach bhfuil aon bhac ar iompar frithshóisialta de bharr easpa gardaí ar na seirbhísí.
Dúirt John Murphy, Eagraí Earnáil an Iompair (Transport Sector Organiser) le SIPTU, gur cheart cosc a chur ó bhusanna agus traenacha ar phaisinéirí a dhéanann cionta arís agus arís eile.
Tá an ceardchumann ag éileamh go mbunófar Comhairle Chomhairleach Údaráis Náisiúnta Iompair (National Transport Authority Advisory Council) láithreach.
Dúirt an tUasal Murphy go bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh ‘cumhachtaí’ ag an gcomhairle sin cosc a chur ar athchiontóirí (repeat offenders).
‘Tá aithne ar na hathchiontóirí atá amach ansin, ar fud na ngréasán go léir,’ a dúirt sé.
Fuarthas amach i suirbhé a rinne SIPTU le déanaí ar 600 oibrí go raibh drochíde bainte amach ag breis is 80% d’oibrithe iompair ag an obair, agus dúirt breis is leath díobh go bhfuil sé imithe in olcas le bliain anuas.
Dúirt an tUasal Murphy gur ionadaí é SIPTU ar thart ar 3,500 oibrí iompair, agus as an 600 a ndearnadh suirbhé orthu, dúirt 21% go mbíonn siad ag tabhairt aghaidh ar iompar frithshóisialta go laethúil, agus dúirt 30% gur teagmhas seachtainiúil atá ann.
‘D’fhulaing go leor ball foirne mí-úsáid fhisiciúil. Ina theannta sin, dúirt baill fhoirne pobail mhionlaigh (minority community) gur chreid siad gur ceist níos mó dóibh féin an mí-úsáid ag an obair.’
Dúirt an tUasal Murphy go bhfeidhmeodh aonad póilíneachta don iompar poiblí ‘mar bhac shuntasach’ ar iompar frithshóisialta.
Dúirt SIPTU gur chuir siad fáilte roimh ghealltanas an Tánaiste Micheál Martin an deireadh seachtaine seo caite go mbunófar seirbhís phóilíneachta iompair.
Dúirt Stephen Millane, ionadaí de chuid Bus Átha Cliath ó SIPTU, go mbíonn úsáid oscailte drugaí le feiceáil go minic ar bhusanna anois.
Dúirt sé freisin: ‘Dá stopfadh tiománaithe agus gach rud a thuairisciú bheadh busanna ar thaobh na sráide an t-am ar fad.’
Dúirt sé go bhfuil roinnt úsáideoirí a thógann drugaí go hoscailte thíos staighre ar an mbus, ach go mbíonn sé thuas staighre de ghnáth.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.