Tá teach mór seanré (period home) i mBaile Átha Cliath curtha ar an margadh ar €450,000 

16/04/2024

Teach ar imeall Bhaile Átha Cliath le naoi seomra leapa agus gairdín mór ar díol 

Tá teach seanré (period home) i mBaile Átha Cliath, a d’fhéadfadh a bheith ina bhaile speisialta tar éis athchóiriú fairsing (extensive renovation), curtha ar an margadh ar €450,000. 

Ní bheadh an teach as áit ar Great House Revival an tséasúir seo chugainn. 

Tá sé suite i mBaile Adaim (Adamstown), forbairt nua-aimseartha atá tar éis dul i méid go suntasach le blianta beaga anuas. 

Mar sin féin, lena hathruithe ar fad sa cheantar tá Airlie House fós mar a bhí sé. 

Is teach seanré ollmhór é, a sheasann ar 547 méadar cearnach
Is teach seanré ollmhór é, a sheasann ar 547 méadar cearnach

Is teach seanré ollmhór é, a sheasann ar 547 méadar cearnach. 

Cé go mbeidh gá an teach a athchóiriú go forleathan, ar urlár na talún tá ceithre sheomra suí, cistin agus seomra fóntais. 

Tá dhá cheann de na naoi seomra leapa sa teach ar urlár na talún freisin. 

Tá na seacht seomra leapa eile thuas staighre sa teach agus tá spás mór oscailte taobh amuigh le go leor spás páirceála. 

Tá go leor spás gairdín timpeall an tí freisin chun gairdín álainn a chruthú. 

Tá an teach suite i suíomh iontach, agus é suite díreach ar imeall thiar Bhaile Átha Cliath laistigh de limistéar níos leithne Leamhcán (Lucan). 

Tá sé 15 ciliméadar (15km) ar shiúl ó Lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus 20 nóiméad ón aerfort. 

Tá Airlie House, Leamhcán (Lucan), Co. Bhaile Átha Cliath, ar fáil trí Coonan Property, Cill Droichid, ar threoir phraghas (guide price) de €450,000. 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram