Tá cuireadh magadh tugtha ag an gclub CLG i nGaillimh, Gleann Uisce (Glinsk), do mhuintir na háite atá ag dul ag iascaireacht, a gcuid áiseanna a úsáid, tar éis dá bpáirc dul faoi uisce tar éis báisteach throm.
Bhí báisteach throm ag Gleann Uisce le cúpla lá anuas agus bhí páirc an chlub báite – gan ach a gcuaillí cúl (goalposts) ag gobadh amach as an uisce.
Tá páirceanna báite uisce coitianta i ngach spórt sa tír seo, ach bhí sé seo i bhfad níos measa.
Mar thoradh ar an bpáirc faoi uisce, bhí ar an gclub a gcluiche le Baile Locha Riach (Loughrea) a chur ar ceal Dé hAoine.
Mar sin rinne siad magadh go raibh siad chun an pháirc a ligean ar cíos le go bhféadfadh muintir na háite dul ag iascaireacht.
‘Tar éis iniúchadh páirce, tá cinneadh déanta cluiche ceannais na sraithe tráthnóna seo le Baile Locha Riach a scor,’ a scríobh an club ar Facebook.
‘Tá an pháirc fós dúnta d’oiliúint agus do chluichí uile an CLG go dtí go bhfógrófar a mhalairt, ach tá an club slatiascaireachta (angling) áitiúil thar a bheith sásta leis na coinníollacha agus ag súil le hiascaireacht iontach an deireadh seachtaine seo.
‘Mar a dúirt Pat Shortt uair amháin….. nach tír bheag álainn a bheadh inti, dá bhféadfá díon a chur air.’
Tá an ghaoth agus an bháisteach bhuailte ag an tír le seachtainí beaga anuas, lena n-áirítear Stoirm Kathleen an tseachtain seo caite.
I Loch Garman (Wexford), rinne an sagart paróiste an tAthair Joseph Power, aifreann a cheiliúradh ar mhaithe le haimsir níos fearr, ar iarratas ó dhuine dá mhuintir.
‘D’iarr duine de mo pharóiste, atá an-imní faoin aimsir agus a tionchar ar dhaoine go háitiúil, go ndéarfainn aifreann,’ a dúirt an tAthair Power le Farmers Journal. ‘Tá áthas orm é sin a dhéanamh.
‘Ní féidir aifreann chun feabhas a chur ar an aimsir aon dochar a dhéanamh agus tá súil agam go ndéanfaidh sé maitheas éigin.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.