Tá Éire réidh le bheith iomaíoch (aggressive) in aghaidh Shasana ag Aviva

09/04/2024

Deir réalta na hÉireann Aoife Mannion gur féidir le slua an Aviva cabhrú leo an cluiche a bhuachan Dé Máirt

Creideann cosantóir na hÉireann Aoife Mannion gur féidir leis an bhfoireann a bheith go maith san Aviva, i gcoinne Shasana, ina gcluiche an tseachtain seo.

Caithfidh siad imirt leis an iomaíocht chéanna, áfach, is a bhí acu sa dara leath in aghaidh na Fraince an tseachtain seo caite.

Theip ar fhoireann Eileen Gleeson, 1-0, ina gcluiche tosaigh i nGrúpa A3, ach níl mórán ama le hatheagrú mar anois tá Seaimpíní na hEorpa, Sasana, ag teacht go Baile Átha Cliath.

aoife mannon and flag
Aoife Mannion Lic: Stephen McCarthy/Sportsfile

Agus tá siad ag iarraidh athfhócasú (refocus) a dhéanamh mar theip orthu an bua a fháil ar an tSualainn ina gcluiche ag Wembley, a chríochnaigh 1-1.

Táthar ag súil le slua de thart ar 30,000 ar Bhóthar Lansdún, don chluiche tráthnóna Dé Máirt.

Oíche mhór peile atá ann le Arsenal agus Manchester City ag imirt i gcluichí Sraith na Seaimpíní (Champions League) i bpeil na bhfear.

Beidh Mannion ag imirt i gcoinne a chomhimreoirí as Manchester United, Mary Earps agus Alessia Russo, sa chluiche Dé Máirt, agus creideann sí gur féidir leis an slua a bheith ina chuidiú mór do mhná na hÉireann.

‘Sílim go mbeidh an lucht tacaíochta a thiocfaidh chuig an Aviva ag lorg uainn brú ar aghaidh agus toradh a fháil,’ a dúirt Mannion.

‘Ná bíodh míthuiscint agat ar an rud atá á rá agam, táimid ag imirt in aghaidh cheann de na foirne is fearr ar domhan. Ach táimid ag dul amach don bhua.

‘D’fhéadfadh go gciallódh sé sin a bheith iomaíocht i gcodanna áirithe den pháirc, go mbeidh orainn ár seansanna a ghlacadh agus a bheith díreach ar an bhfrithionsaí (counterattack).’

Eileen Gleeson le Anna Patten Pic: Stephen McCarthy/Sportsfile
Eileen Gleeson le Anna Patten Pic: Stephen McCarthy/Sportsfile

D’admhaigh Mannion go raibh Éire ag streachailt uaireanta sa chéad leath in aghaidh na Fraince.

Dúirt sí, áfach, gur tháinig feabhas orthu tar éis leath ama, agus tugann sé sin dóchas di do chluiche Dé Máirt.

‘Bhíomar ag streachailt i ngnéithe den chéad leath. Labhair muid ag leath-am faoin ngá le bheith níos ionsaithí agus rinneamar é sin sa dara leath agus is é an t-ionsaí sin rud a theastaíonn uainn a thabhairt isteach san Aviva i gcoinne Shasana.

‘Leis an slua taobh thiar dínn, b’fhéidir go dtabharfadh sé an spreagadh breise sin dúinn dul agus an toradh atá uainn a fháil.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram