Tá Billie Eilish ar ais le halbam nua atá cairdiúil don chomhshaol

08/04/2024

Tá albam nua ag Billie Eilish ach ní bheidh ach líon teoranta de leaganacha plaisteacha ar fáil

Tá sé ráite ag Billie Eilish go bhfuil sí ‘neirbhíseach agus ar bís’ faoi sheoladh a tríú halbam, Hit Me Hard And Soft, a eiseofar an mhí seo chugainn.

Mar sin féin, níor chuir sé sin bac uirthi ó dhearbhú gur chóir go mbeadh a halbam nua cairdiúil don chomhshaol.

Labhair Eilish amach le déanaí faoin damáiste a ndéantar le go leor eagrán fisiceacha a mbíonn ag ceoltóirí dá n-albam, rud a dhéanann dochar don timpeallacht.

Billie Eilish
Billie Eilish

Agus tá sí ag leanúint leis seo trí ‘leaganacha teoranta’ den albam nua, Hit Me Hard and Soft, a scaoileadh.

Ina theannta sin, úsáidfidh gach eagrán fisiceach ‘ábhair 100% in-athchúrsáilte (recyclable)’.

Dúirt sí go bhfuil sé seo mar chuid dá ‘iarracht leanúnach chun dramhaíl a íoslaghdú agus dul i ngleic le hathrú aeráide’.

Leanann Hit Me Hard and Soft a halbam ó 2021, Happier Than Ever, agus arís eile comhoibríonn an t-amhránaí is cumadóir Meiriceánach ar a cuid ceoil lena deartháir, Finneas O’Connell.

Ar Instagram, scríobh sí go dtagann Hit Me Hard And Soft amach ar 17 Bealtaine.

Dúirt sí freisin: ‘Tá sé ait a bheith ag scríobh é seo faoi láthair. Táim neirbhíseach & ar bís. Níl mé ag déanamh singil, ba mhaith liom é a thabhairt amach go léir ag an am céanna.

‘Ní fhéadfadh Finneas agus mise a bheith níos bródúla as an albam seo agus nílimid in ann fanacht chun go mbeadh sibh in ann é a chloisteáil. ‘

Roinneadh an nuacht taobh le híomhá d’Eilish ar a droim faoin uisce agus doras oscailte os a chionn.

Billie  lena deartháir, Finneas O’Connell
Billie lena deartháir, Finneas O’Connell

Bhí a céad albam stiúideo, When We All Fall Asleep, Where Do We Go? a scaoileadh in 2019.

Anuraidh, d’eisigh Billie, atá 22 bliain d’aois, an t-amhrán, Barbie, What Was I Made For? ar bronnadh an dara Oscar uirthi in éineacht le O’Connell ag Gradaim Acadamh 2024.

Bhuaigh siad a gcéad Oscar i 2022 dá n-amhrán, No Time To Die, ón scannán James Bond den ainm céanna.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram