An bealach is fearr chun féachaint ar an éiclips páirteach gréine

06/04/2024

Fiú má bhíonn sé scamallach b’fhéidir go mbeidh seans ann an t-éiclips a fheiceáil – mar sin roghnaigh an áit is fearr atá agat agus breathnaigh suas

Tá imeacht annamh sa spéir le tarlú in Éirinn Dé Luain, éiclips gréine páirteach (partial éiclips of the sun).

Cé go mbeidh éiclips iomlán le feiceáil sna Stáit Aontaithe, ní bheidh ann ach cuid d’éiclips anseo agus, ar ndóigh, braitheann sé ar an aimsir, ar an méid a bheidh muid in ann a fheiceáil.

Dúirt an réalteolaí David Moore (Astronomer) go mbeidh tionchar mór ag clúdach scamall ar an éiclips in Éirinn.

‘Tá a fhios againn go fírinneach go dtarlóidh an t-éiclips – is scéal eile é an mbeidh scamall thar do cheann.’
‘Tá a fhios againn go fírinneach go dtarlóidh an t-éiclips – is scéal eile é an mbeidh scamall thar do cheann.’

Ag labhairt ar The Anton Savage Show, dúirt sé:  ‘Is é mo chomhairle do dhaoine atá ag iarraidh féachaint ar an éiclips i gcónaí ná, tá sé ag tarlú os ár gcionn, téigh amach agus bí ag breathnú suas, fiú má tá an réamhaisnéis (forecast) le haghaidh stoirme.

‘Is cuimhin liom éiclips 10 mbliana ó shin agus bhí stoirm mar Stoirm Kathleen ann, agus ní raibh éinne ag súil le faic.

‘Ach níos déanaí fuaireamar tuairiscí a bhí foilsithe in Astronomy Ireland faoi dhaoine i gCluain Meala (Clonmel), a bhí an t-ádh leo ar feadh cúpla nóiméad, a ndóthain le feiceáil agus le cúpla pictiúr tapa a ghlacadh.

‘Is olc an rud é nach bhfuil réamhaisnéisí na haimsire chomh cruinn agus atá réamhaisnéisí faoi ghluaiseachtaí na reanna neimhe (celestial bodies). Is féidir linn iad sin a thuar (predict) go cruinn eile.

‘Tá a fhios againn go fírinneach go dtarlóidh an t-éiclips – is scéal eile é an mbeidh scamall thar do cheann.’

Tarlaíonn éiclips iomlán gréine (total solar eclipse) nuair a ghluaiseann an ghealach idir an ghrian agus an Domhan, ag ceilt radharc an phláinéid ar an ngrian.

Tarlaíonn éiclips páirteach, áfach, nuair a nach mbíonn píosa beag den ghrian le feiceáil a thuilleadh mar gheall ar ghluaiseacht na gealaí.

Ar an Luan táthar ag súil go mbeidh an éiclips páirteach le feiceáil díreach roimh 8pm agus luí na gréine.
Ar an Luan táthar ag súil go mbeidh an éiclips páirteach le feiceáil díreach roimh 8pm agus luí na gréine

Dúirt Moore nach raibh éiclips gréine iomlán le feiceáil ó Éirinn ó 1724 agus nach bhfuil an chéad cheann eile dlite go dtí 2090 ach go dtarlóidh roinnt éiclips páirteach roimhe sin.

Ar an Luan táthar ag súil go mbeidh an éiclips páirteach le feiceáil díreach roimh 8pm agus luí na gréine.

Táthar ag súil go mbeidh an radharc is fearr ar an éiclips ag aon duine atá ina gcónaí in iarthar na hÉireann.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram