

Mar aisteoir, ní hamháin go ndéanann Andrew Scott speisialtóireacht (specialises) ar charachtair éiginnte gnéasach (sexually ambivalent), déanann sé ‘fetish’ díobh.
Ón ról a bhí aige mar Moriarty in Sherlock, go dtí an ‘hot priest’ i Fleabag, agus anois mar chaimiléir (cheat) agus mar mharfóir in Ripley (Netflix), tá aghaidh ar an aisteoir as Baile Átha Cliath scanrúil.
Agus é ag breathnú ar fhear nó ar bhean, ag déanamh staidéir ar a gcuid éadaí agus a bhfigiúirí, ní féidir linn a bheith cinnte cad atá ar intinn aige.

Bunaithe ar The Talented Mr Ripley le Patricia Highsmith, leabhar clasaiceach coireachta a spreag seánra iomlán nua, tá an tsraith theilifíse seo, in ocht bpáirt, scannánaithe le stíl i ndubh agus bán.
Ón radharc tosaigh nuair a tharraing Scott corp síos staighre cloiche i mbloc árasán sa Róimh, is ómós é do stiúrthóirí móra na 1940idí ar nós Carol Reed nó Alfred Hitchcock.
Tá sé go mór difriúil ón leagan scannán a rinneadh i 1999 le Matt Damon, Gwyneth Paltrow, Jude Law agus Philip Seymour Hoffman.
Is caimiléir é Tom Ripley i Nua-Eabhrac atá fostaithe ag fear gnó saibhir chun dul go dtí an Eoraip chun spiaireacht a dhéanamh ar a mhac, Dickie agus a chailín Marge.
Is í an fhadhb atá ag Scott ná gur duine aonair fíor mhíthaitneamhach é Tom Ripley. Cé go bhfuil sé cliste agus galánta, is deacair é a thaitin.
Réitíonn Scott é seo trí fhear a thaispeáint dúinn nach raibh aige riamh ach droch-ádh ar feadh a shaoil, ach nár éirigh riamh éadóchasach.
Bíonn beocht ann nuair a bhíonn sé ina aonar i villa Dickie, ag caitheamh a chuid éadaí, ag aithris a chaint shaibhir agus ag cumadh comhrá ina bhfaigheann Dickie réidh le Marge mar gheall ar Tom.
An bhfuil Ripley aerach? Ní fios? Is cuma. Nuair a deir sé, ‘Is maith liom cailíní’, is léir go bhfuil sé ag insint bréag – ach b’fhéidir gurb é sin mar nach dtaitníonn aon duine leis.
Tá Ripley chomh míthaitneamhach sin nach féidir linn ach bá a bheith againn leis – mar gheall ar Andrew Scott.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.