Lean grúpa an fear, a bhí ina 30idí, a fuair bás ceithre lá tar éis ionsaí fíochmhar i mBaile Átha Cliath.
Bhí sé ar dhuine de bheirt a gortaíodh le linn ionsaí i gCluain Dolcáin, in iarthar Bhaile Átha Cliath, oíche Dé Sathairn.
Fuair sé bás in Ospidéal Thamhlachta (Tallaght Hospital) Dé Céadaoin.
Creideann na gardaí go raibh argóint idir an bheirt fhear óg, atá ón Chróit (Croatia), agus grúpa eile lasmuigh de shiopa.
D’imigh an bheirt fhear, chuaigh siad ar bhus agus d’éirigh siad as ag Grange View Way i gCluain Dolcáin, áit ar shiúil siad i dtreo tí.
Is ag an nóiméad sin a d’ionsaigh grúpa fear iad, creidtear. Creideann na gardaí gur lean an grúpa an bheirt fhear i gcarr.
Thug a chuid ionsaitheoirí ciceanna sa chloigeann don fhear agus é ina luí ar an talamh, sula bhfuair sé bás.
Dúirt Gardaí: ‘Tá Seomra Teagmhais curtha ar bun ag Stáisiún Garda Chluain Dolcáin, agus Oifigeach Sinsearach Imscrúdaithe (Senior Investigating Officer , SIO) i bhfeighil ar an imscrúdú.
‘Ina theannta sin, tá Oifigeach Idirchaidrimh Teaghlaigh (Family Liaison Officer, FLO) ceaptha chun tacaíocht agus nuashonruithe a sholáthar do theaghlach an duine nach maireann.’
Dúirt na gardaí go bhfuil siad ag iarraidh ar phaisinéirí a thaistil ar Bhus Átha Cliath uimhir 13 ó Chluain Dolcáin Dé Sathairn (30 Márta, 2024), idir 9pm agus 10pm teacht chun tosaigh — go háirithe iad siúd a chuaigh ar bord an bhus ag stad bus Bhóthar St Cuthbert agus a chuaigh i dtreo Bóthar Grange View.
‘Ina theannta sin, tá Gardaí fiosrúcháin ag lorg eolais ó aon duine a bhí i gceantar Bhóthar an Túir i gCluain Dolcáin idir 9.30pm agus 10.15pm, nó i gceantar Grange View Way idir 10pm agus 10.30pm,’ a dúirt siad.
Iarrtar orthu siúd a bhfuil píosaí scannáin ceamara (daischeamara san áireamh) acu de na limistéir seo tráthnóna an eachtra seo a chur é ar fáil do na Gardaí imscrúdaithe.
Iarrtar ar aon duine a bhfuil faisnéis acu dul i dteagmháil le Stáisiún na nGardaí Chluain Dolcáin ag 01 666 7600, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111 nó aon stáisiún Garda.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.