Rinne ospidéal ginmhilleadh (abortion) ar bhean mhícheart i mbotún tragóideach

02/04/2024

Tá sé ráite ag bainisteoir ospidéil gur cheart go mbeadh an fhoireann (staff) ar fad atá i gceist freagrach as botún faoin nginmhilleadh

Tá leithscéal gafa ag bainisteoirí sinsearacha ospidéil tar éis ginmhilleadh (abortion) a dhéanamh ar an mbean mhícheart i mbotún tragóideach.

Chuaigh an bhean, a bhí sláintiúil agus ceithre mhí ag iompar clainne, faoi obráid útarach (uterine surgery) ar a dtugtar ‘curettage –  rud a chothaíonn breith anabaí (miscarriage), as a dtagann ginmhilleadh – a bhí beartaithe (intended )do bhean eile.

Rinneadh an botún faoin nginmhilleadh in ospidéal i bPrág (Prague), príomhchathair agus cathair is mó Phoblacht na Seice (Czech Republic).

surgery feat1
Dúirt an t-ospidéal go bhfuil an fhoireann a bhí i gceist tógtha as dualgas (duties), ar feitheamh fiosrúchán iomlán ar cad a tharla leis an mbotún faoin nginmhilleadh

Bhí an bheirt bhan, a raibh oidhreacht na hÁise acu agus nach raibh an tSeicis go maith acu (didn’t speak Czech well), in ospidéal Bulovka, ospidéal teagaisc i bPrág, nuair a tharla an eachtra.

‘Tharla teagmhas díobhálach ag ár gClinic Gínéiceolaíochta agus Cnáimhseachais (Gynecology and Obstetrics Clinic),’ a dúirt urlabhraí don ospidéal le CNN.

‘Mar thoradh ar sháruithe tromchúiseacha agus neamhchomhlíonadh na rialachán inmheánach  cuireadh tús le hoibríocht ar othar (patient) a aithníodh go mícheart.’

Dúirt na bainisteoirí: ‘Chuireamar ár leithscéal in iúl don othar agus dá teaghlach ar fad as an eachtra thrua seo agus dhearbhaigh muid di go ndéanfaimid gach rud chun an damáiste a mhaolú oiread agus is féidir agus chun í a chúiteamh (compensate) freisin.

‘Mar ospidéal teagaisc creidiúnaithe, tá rialacha agus nósanna imeachta sainmhínithe go soiléir againn nach mór dár bhfoireann leighis a leanúint gan eisceacht.’

Dúirt an t-ospidéal go bhfuil an fhoireann a bhí i gceist tógtha as dualgas (duties), ar feitheamh fiosrúchán iomlán ar cad a tharla. Dúirt siad go mbeidh daoine aonair faoi dhliteanas pearsanta (held responsible).’

Dúirt leas-chathaoirleach Chumann Míochaine na Seice (Czech Medical Chamber) Jan Přáda gur cheart go mbeadh an fhoireann ar fad i gceist freagrach as an mbotún.

Dúirt Přáda gurbh fhéidir gurbh é an bac teanga (language barrier) ba chúis leis an botún faoin nginmhilleadh.

‘Mura bhféadfadh sí Seicis nó teanga aitheanta idirnáisiúnta a labhairt go maith, d’fhéadfadh ról a bheith aici sin ann,’ a dúirt Přáda.

Hospital Bed Trolley Corridor 1 768x448 1
Tá ginmhilleadh, i bPoblacht na Seice, dlíthiúil i gcásanna ar bith go dtí 12 sheachtain iompair

‘Bíonn aistritheoirí ar an bhfón uaireanta, rud a chuireann casta ar an gcumarsáid freisin.

‘Ní hé seo le rá nár cheart do dhochtúirí déileáil leis, ach go méadaíonn an baol míthuisceana.’

Tá ginmhilleadh, i bPoblacht na Seice, dlíthiúil i gcásanna ar bith go dtí 12 sheachtain iompair, agus is féidir aon chúiseanna leighis a thabhairt mar chúis chomh maith, suas le 24 seachtaine.

‘I gcás mínormáltachtaí marfacha féatais (fatal foetal abnormalities), is féidir ginmhilleadh a dhéanamh ag am ar bith.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram