Aire Fiontar Simon Coveney ag éirí as an gComh-Aireacht

01/04/2024

Tá sé fógartha ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Simon Coveney go n-éireoidh sé as an gComh-Aireacht nuair a thosóidh an Dáil arís an tseachtain seo chugainn.

I bpostáil ar ardán meán sóisialta X, dúirt an tAire Simon Coveney gur labhair sé le ceannaire Fhine Gael Simon Harris aréir chun é a chur ar an eolas go bhfuil sé ag éirí as ma aire.

‘Leanfaidh mé ag obair mar TD bródúil as Corcaigh Láir Theas agus ar ndóigh tacóidh mé go gníomhach leis an Rialtas sa Dáil,’ a dúirt an tUasal Coveney.

Simon Coveney faoi bhrú
Simon Coveney faoi bhrú

Ag labhairt dó ar Today with Claire Byrne, ar RTÉ, dúirt an tUasal Coveney nach raibh a fhios aige an n-iarrfaí air a bheith i gComh-Aireacht Harris, ach go ndéanfadh sé an saol níos éasca do cheannaire nua an pháirtí dá n-éireodh sé as.

Dúirt sé go gcabhródh an t-aistriú le hathnuachan páirtí agus go dtabharfadh sé smaointe nua chun cinn.

‘Tá meas agam ar an bhfíric go bhfuil sé ráite go soiléir go bhfuil sé ag iarraidh cuma nua a chruthú d’Fhine Gael ar go leor bealaí, chun tallann nua a chur chun cinn sa pháirtí,’ a dúirt Coveney.

Ag labhairt dó faoi Simon Harris, dúirt sé: ‘Is duine cumasach é, sílim go mbeidh sé ag iarraidh smaoineamh agus fuinneamh nua a thabhairt chun cinn sa pháirtí  agus sílim go mbeidh sé ag iarraidh foireann a thabhairt leis chun é sin a dhéanamh.’

Le Simon Harris mar cheannaire, chreid daoine sinsearacha laistigh d’Fhine Gael go raibh róil an Aire Coveney agus an Aire Dlí agus Cirt (Justice Minister) Helen McEntee faoi ‘bhagairt mhór’.

Mar sin féin, maidir le haon athruithe ar an Chomh-Aireacht, nuair a bheidh sé ina Thaoiseach i gceann seachtaine, Dé Máirt 9 Aibreán, dúirt Simon Harris gur saincheisteanna iad sin ‘a ndéanfaidh sé machnamh orthu sna laethanta amach romhainn’.

Dúirt sé: ‘Domsa, is é an tosaíocht (priority) faoi láthair ná díriú ar bheartas agus ar sheachadadh (policy agus delivery).’

Dúirt sé go dtabharfaidh Ard Fheis Fhine Gael, i nGaillimh ag an deireadh seachtaine, deis dó a insint do mhuintir na hÉireann cuid de na réimsí ina bhfuil sé ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh.

Mar sin féin, bhí éiginnteacht faoi thodhchaí Coveney mar gheall ar ardú céime a phríomhchomhairleora, iar-láithreoir Newstalk Chris Donoghue, chuig rúnaí preasa an Rialtais.

Ag caint faoi Harris, dúirt foinse amháin atá gar do cheannaireacht Fhine Gael: ‘Tá post leascheannaireachta Coveney tugtha aige cheana féin do Heather Humphreys agus ghlac sé a phríomhchomhairleoir.

‘Mura bhfuil sé sin ag rá le Simon Coveney go mbeidh sé imithe go luath, níl a fhios agam cé mhéad comhartha eile atá ag teastáil.’

Dúirt foinse amháin go raibh gá le Harris ‘údaráis a thaispeáint agus a léiriú nach leanfaidh rudaí ar aghaidh mar a bhí roimhe seo.’

Dúirt na foinsí gur chaill an t-iarcheannaire Leo Varadkar móiminteam ón nóiméad a choinnigh sé an ‘old guard’ i bpoist shinsearacha

Thug foinse amháin de chuid Fhine Gael foláireamh: ‘Beidh an t-atheagar (reshuffle) ina thástáil spéisiúil ar mheon Harris.

‘Mura ndéanann Harris athruithe, tiocfaidh deireadh leis an draíocht a tháinig leis an gceannaireacht nua.’

Mar aon leis an Uasal Coveney agus Ms McEntee, creidtear go bhfuil Príomh-Aoire (Chief Whip) an Rialtais Hildegarde Naughton faoi bhagairt go gcaillfidh sí a ról.

Príomh-Aoire (Chief Whip) an Rialtais Hildegarde Naughton
Príomh-Aoire (Chief Whip) an Rialtais Hildegarde Naughton

Tá fearg faoi McEntee, agus a comhghleacaithe míshásta leis na moltaí a rinne sí ar reachtaíocht fuathchaint (hate speech) agus an láimhseáil a rinne sí ar an gcoireacht (crime) i gcathair Bhaile Átha Cliath.

‘Tá níos mó damáiste déanta ag McEntee d’Fhine Gael ná mar atá ag aon aire dlí agus cirt,’ a dúirt foinse amháin.

‘Caithfidh athrú béime a bheith ann i gcúrsaí dlí agus cirt. Caithfimid dul sa tóir ar vótaí na ndaoine sin a d’fhéadfadh vótáil d’Fhine Gael seachas vótaí na ndaoine nach vótálfaidh ar ár son go deo.’

Is iad Jennifer Carroll MacNeill in éineacht le Peter Burke an bheirt a cheaptar go mbeidh ag dul isteach sa Chomh-Aireacht (Cabinet).

Dúirt foinse amháin: ‘Tá Simon chun tosaíocht a thabhairt don óige. Tá sé ag breathnú ar dhaoine cosúil le Jennifer agus Alan Dillon agus Emer Higgins.’

Ciallaíonn cinneadh Josepha Madigan, atá ag éirí as, go mbeidh post eile ar fáil do Harris.

Mar sin féin, thug duine sinsearach de chuid Fhine Gael, atá gar don fhoireann cheannaireachta nua, rabhadh: ‘Níl aon rud cinnte go fóill.

‘Is iad na tosaíochtaí atá ag an gceannaire nua ná an Rialtas a chobhsú, dul i dteagmháil arís leis an bpáirtí agus ullmhú don Ard Fheis. Ní dhéanfar aon chinneadh faoin gComh-Aireacht go dtí ina dhiaidh sin.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram