Fág an bealach! Doire v na Dubs – agus ní fhacamar a ndícheall fós

Deir laoch na gcosantóirí Chrissy McKaigue go mbeidh Doire iomaíoch le fada an lá

Nóiméad tar éis bua éasca a bheith ag Doire in aghaidh Ros Comáin chun a gcéad chluiche ceannais Roinn 1 de Shraith Allianz a bhaint amach i gceann deich mbliana, dúirt cosantóir af fhoireann Doire, Chrissy McKaigue: ‘Ní sárfheidhmíocht (best performance) a bhí ann ach ní dóigh liom go raibh feidhmíocht mhaith againn go dtí seo – ach aimsímid bealach le buachan.’

Tá 10 gcinn as 11 chluiche buaite ag Doire an téarma seo.

Is cosúil go bhfuil Doire sa pheil inniu mar a bhí Luimneach san iomáint cúpla bliain ó shin – foireann atá ag iarraidh a bheith ar an gceann is fearr atá ann.

David Clifford as Ciarraí Chrissy McKaigue as Doire
David Clifford as Ciarraí le Chrissy McKaigue as Doire

Agus ceapann Doire gur féidir leo é a dhéanamh gan airgead JP McManus. Tá siad ag iarraidh a bheith in ann an lámh in uachtar a fháil ar na foirne móra ar nós Ciarraí agus Áth Cliath.

Dúirt McKaigue: ‘Tá rud éigin foghlamtha againn le linn an turais, nuair nach bhfuil muid ar ár ndícheall i dtréimhsí cluichí is féidir linn bealach a aimsiú le buachan.

‘Más mian leat an lámh in uachtar a fháil ar na foirne is fearr agus a bheith fós ann ar na laethanta móra, caithfidh tú bealaí éagsúla a aimsiú chun an bua a fháil – agus ní bheidh sé foirfe i gcónaí.’

Le sé bliana anuas tá Doire tagtha chun cinn go mór, ag teacht ón mbun chun cluichí Craoibhe Uladh a bhuachan i ndiaidh a chéile – ach creideann siad nach bhfuil le sin ach tús maith.

Tá McKaigue 34 bliain d’aois anois agus beidh an cluiche i bPáirc an Chrócaigh in aghaidh Bhaile Átha Cliath Dé Domhnaigh ina thríú cluiche ceannais Roinn 1 aige.

Agus tá sé soiléir cé chomh tábhachtach agus a bheadh sé do Dhoire an ceann seo a bhuachan.

‘Sílim go gciallaíonn bua Roinn 1 an oiread sin d’fhoireann ar bith agus tá sé sin feicthe agam thar na blianta.’

Agus i mbliana tá sé níos tábhachtaí ná riamh mar go mbeidh siad ag imirt i gcoinne sheaimpíní Uile-Éireann, Áth Cliath.

Chomh maith le sin tá bearna trí seachtaine tar éis chluiche ceannais an Domhnaigh go dtí a gcéad chluiche ceannais craoibhe in aghaidh Dhún na nGall, mar sin ní bheidh aon ghá le himreoirí a chur ar sos.

‘Is é Áth Cliath sa chluiche ceannais agus is léir gur cluiche ollmhór é sin mar is é imirt Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh an áit a bhfuil muid ar fad ag iarraidh a bheith, ach is é fírinne an scéil go mbeidh gá againn le feidhmíocht mhór mar ní chreidim go fóill go raibh cluiche mór againn,’ a dúirt McKaigue.

John Small as na Dubs le Paul Cassidy as Doire
John Small as na Dubs le Paul Cassidy as Doire

‘Agus caithfimid a bheith ag imirt ag an leibhéal sin le bheith iomaíoch le Báile Áth Cliath ar an gcéad dul síos, gan trácht ar aon rud eile agus mar sin beidh béim mhór ar sin an tseachtain seo chun iarracht a dhéanamh sinn féin a bheith ar an leibhéal sin.

‘Le bheith macánta, is é Dún na nGall, i gceann cúpla seachtain, an cluiche is mó den bhliain go dtí seo agus tá gach rud ag dul i dtreo sin mar sin is maith an t-ullmhúchán atá againn in aghaidh na Dubs i bPáirc an Chrócaigh.’

Seans go mbeidh an t-am atá McKaigue féin ag imirt dá chontae ag druidim do dheireadh go luath agus deir sé: ‘A leithéidí Conor Glass agus Shane McGuigan, chuaigh siad trína ngairmeacha beatha le mionúir Dhoire, bhí siad cleachta le buachan le Doire. Ní raibh an phribhléid sin agam a bheith cleachta le buachan le Doire.

‘Táim thar a bheith buíoch a bheith anseo agus tá a fhios agam go bhfuil mé níos gaire don deireadh ná mar atá mé don tús ach, féach, níl ann ach áit iontach le bheith ann. Tá muinín iontach agam sa ghrúpa imreoirí seo agus freisin sna himreoirí atá ag teacht chun cinn.

‘Tá Doire ag dul chun cinn le blianta fada anois agus tá ardchaighdeán ag teacht tríd. Ní trí chomhtharlú a fheicimid na rudaí a fheicimid inniu.

‘Sílim go mbeidh Doire iomaíoch le fada an lá.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram